Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 January 2019

Wednesday, 16 January 2019

Ceisteanna (36)

Dara Calleary

Ceist:

36. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair atá sé i gceist Bille nua na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1728/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Táim ag iarraidh a fháil amach cad é an scéal faoi Bhille na dteangacha oifigiúla. Bhí liosta dlíthe nua foilsithe inné agus ní raibh aon scéal faoin mBille nua ar an liosta sin.

Déanaim comhghairdeas leis an Teachta as ucht a róil nua mar urlabhraí Fhianna Fáil don Ghaeilge.

Mar chúlra, is iarracht í an Bhille seo, trí na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Agus an Bille á thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse comhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hOileáin agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh shamhradh 2018. Tá an tuarascáil sin scrúdaithe anois ag mo Roinn i gcomhthéacs dréachtú an Bhille.

Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croí-lár na ceiste, agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa statchóras agus ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir.

Tá oifigigh mo Roinne ag obair faoi Iáthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a dhréachtú.

Mar is eol don Teachta, tá dul chun cinn sunstasach déanta ar an mBille sin. Tá sé leis na dréachtóirí in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas. Tá siad ag obair ar an mBille i gcomhthéacs na gceannteideal atá foilsithe. Tá oifigigh mo Roinne ag comhoibriú ar an mBille. Níl ach sé Bhille ar an bpríomhliosta a foilsíodh inné. Tá a fhios ag an Teachta cén fáth. Beidh na dréachtóirí ag obair go mórmhór ar na Billí agus ar an reachtaíocht a theastófar ó thaobh an Bhreatimeachta. Sin an fáth go bhfuil liosta an-ghearr againn don tréimhse idir seo agus deireadh mhí an Mhárta.

Gabhaim buíochas as na beannachtaí. Tuigeann gach duine sa Teach seo scéal an Bhille agus cad atá istigh ann. Táimid ag iarraidh go mbeidh muid in ann an Bille sin a phlé agus a chur ag obair sna ceantair Ghaeltachta agus do na daoine a labhraíonn an Ghaeilge. Tá na ceantair sin agus an Ghaeilge faoi fhíorbhrú. Níl an t-am againn moill a chur ar an mBille seo. Ní leithscéal é Brexit mar gheall ar an obair atá déanta ar an mBille seo. Labhair an tAire Stáit faoi obair an choiste. Tá an obair sin críochnaithe le sé mhí anuas. Bhí am ag an Aire Stáit an obair ar dúirt sé go raibh sé ag déanamh anois a dhéanamh roimhe seo. Níl sé déanta agus tá moill eile ann. Tá daoine ag fánacht ar an mBille seo. Tá sé an-tábhachtach. Is Príomh-Aoire an Rialtais é an tAire Stáit. Caithfidh sé an tionchar sin a úsáid agus brú a chur chun go mbeidh muid in ann an Bille seo a phlé sa Dáil agus chun go mbeidh muid in ann leanúint ar aghaidh leis an obair iontach atá leagtha amach sa Bhille.

Caithfidh an obair sin a bheith sna ceantair atá ag fanacht le haghaidh an Bhille.

Aontaím le gach uile dhuine go bhfuil an Bille seo fíorthábhachtach. Tá a lán obair shuntasach déanta air ach, ag an am céanna, tá an reachtaíocht a theastaítear ó thaobh an Bhreatimeachta de níos tábhachtaí. Tá sé sin ag barr an liosta agus beidh na dréachtóirí ag obair ar na Billí sin so ní bheidh mórán dul chun cinn déanta ar aon Bhille eile seachas na Billí a theastaítear ó thaobh an Bhreatimeachta de. Bhí mé ag súil go mbeadh an Bille seo réidh roimh an Nollaig agus is mór an trua gur theip orainn é sin a dhéanamh. Tá dul chun cinn suntasach déanta, mar sin féin, agus beidh na feidhmeannaigh sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair as seo amach chun a bheith cinnte go mbeidh an t-eolas go léir curtha chuig Oifig an Ard-Aighne agus na dréachtóirí. Go dtí go bhfuil cinneadh eile déanta ó thaobh an Bhreatimeachta de, áfach, is é an fócas atá ag na dréachtóirí ná reachtaíocht maidir leis an mBreatimeacht. Beidh moill ar gach uile Bhille eile mar gheall air sin.

An mbeidh sé foilsithe roimh an Nollaig nó an mbeidh orainn fanacht le haghaidh bliain nua le go mbeidh sé foilsithe?

Beidh na dréachtóirí críochnaithe ag deireadh mí an Mhárta leis an reachtaíocht ó thaobh an Bhreatimeachta de agus b'fhéidir go mbeidh cinneadh eile déanta ag Rialtas na Breataine agus go mbeidh liosta nua reachtaíochta againn i gceann coicíse nó trí seachtaine. Bheadh sé sin go hiontach agus bheadh Bille na dTeangacha Oifigiúla ag barr an liosta sin go cinnte. Sin geall má tá liosta nua, ach beidh liosta nua i mí an Mhárta ar aon nós don seisiún idir mí an Mhárta agus an samhradh, agus beidh sé ar an liosta sin agus beidh sé foilsithe i bhfad roimh an Nollaig. Mar a dúirt mé, tá a lán obair thábhachtach déanta air agus teastaíonn an Bille seo. Tá an Teachta ceart go bhfuil a lán rudaí maithe sa Bhille agus tabharfaidh mé deis don Teachta agus do na hurlabhraithe eile chun suí síos leis na feidhmeannaigh i mo Roinn chun dul tríd an dul chun cinn atá déanta.

Question No. 37 answered with Question No. 34.
Barr
Roinn