Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 January 2019

Wednesday, 16 January 2019

Ceisteanna (52)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

52. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon cruinnithe le 12 mhí anuas a bhí ag an gCoiste atá le maoirsiú a dhéanamh ar Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an bhfuil an Coiste tar éis aon ghníomh nó tionscnamh a aithint a chuideodh chun an plean a chur chun cinn. [1673/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi mar a tugadh le fios agus Ceist Dála Uimh 689 á freagairt ar 16 Deireadh Fómhair 2018, is mian liom a chur in iúl don Teachta gur tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Stiúrtha ar 1 Samhain 2018 i ndiaidh don Rialtas a bheannacht a thabhairt i mí Meithimh don Phlean Gníomhaíochta 2018 - 2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Is é cúram an Choiste Stiúrtha, atá ag feidhmiú faoi chathaoirleacht mo Roinne, ná:

1. monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an 180 beart atá leagtha amach sa phlean. a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le 60 páirtí leasamhar;

2. tacú le bearta agus tionscnaimh eile nach bhfuil san áireamh cheana féin sa phlean a aithint; agus,

3. treochtaí, constaicí nó údair imní a thagann chun cinn maidir leis an nGaeilge trí chéile a shainaithint ar leas foriomlán na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le forfheidhmiú an Phlean, tá an Coiste Stiúrtha comhdhéanta d’ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna, An Roinn Leanaí & Gnóthaí Óige, An Roinn Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chomh maith, ár ndóigh, le hionadaíocht ó mo Roinn féin.

Tá sé i gceist go dtiocfaidh an coiste le chéile ar bhonn rialta agus mar atá leagtha amach sa phlean, go bhfoilseofar tuairisc bhliantúil maidir le dul chun cinn, tar éis don tuairisc a bheith faofa ag an Rialtas. Tá beartaithe, dá réir, go bhfoilseofar an chéad tuairisc bhliantúil i bhfómhar 2019. Tá i gceist go dtionólfar an chéad chruinniú eile den choiste an mhí seo chugainn agus tá na socruithe ina leith idir lámha cheana féin.

Ní miste a lua chomh maith go bhfuil sé i gceist go leanfar leis an gCoiste Comhairleach a ceapadh in 2014 mar thaca eile d'fhorfheidhmiú rathúil na Straitéise. Ina theannta sin, leanfaidh mo Roinn ag obair go dlúth, ar bhonn déthaobhach agus leanúnach, leis na Ranna agus na forais ábhartha Stáit ar mhaithe le dul chun cinn a chinntiú.

De thoradh seo ar fad, táim sásta go ndéanfar monatóireacht agus tuairisciú chuí ar chur i bhfeidhm an Phlean 5-Bliana.

Barr
Roinn