Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Uisce

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 February 2019

Tuesday, 5 February 2019

Ceisteanna (687)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

687. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé aici leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil maidir leis na scéimeanna cóireála eisiltigh atá ag Údarás na Gaeltachta a aistriú chuig Uisce Éireann le go bhféadfaí na córais seo a úsáid le haghaidh an phobail i gcoitinne [5748/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I dtús báire ní miste dom a dheimhniú don Teachta nach raibh aon phlé agam le mo chomhghleacaí an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil maidir leis an ábhar atá luaite aige.

Sin ráite, tá sé tugtha le fios go poiblí ag Údarás na Gaeltachta roimhe seo go bhfuil siad sásta comhoibriú le heagraíochtaí stáit eile atá ag iarraidh áiseanna cóireála fuíolluisce cónaitheach agus tráchtála a chur ar fáil do phobail Gaeltachta agus a bheadh ar leas na bpobal sin. Labhair mé le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta le déanaí faoi seo. Ina thaobh sin, tuigim go raibh comhráití ginearálta acu le hUisce Éireann ar chásanna éagsúla ceann ar cheann - áit a bhfuil forbairtí ar chórais fuíolluisce ar siúl faoi láthair.

Ar ndóigh, tuigeann an Teachta nach bhfuil soláthar áiseanna cóireála fuíolluisce cónaitheach, tráchtála nó pobail mar shainchúram ar Údarás na Gaeltachta. Roimhe seo, d’fhorbair an tÚdarás ionaid cóireála fuíolluisce, go príomha, ar nó gar d’eastáit tionsclaíochta nó páirceanna gnó a bhí ina seilbh chun fostaíochta a chruthú i gcomhlachtaí lonnaithe ar na páirceanna seo a éascú.

I gcásanna eisceachtúla, ceanglaíodh áiseanna pobail a bhí ar nó gar d’eastáit tionsclaíochta do na hionaid cóireála fuíolluisce. I gcásanna eile, bhí agus tá an tÚdarás sásta comhoibriú, ar iarratas, le húdaráis áitiúla ag áireamh Uisce Éireann, chun córais, áiseanna nó talamh a chur ar fáil lena bhforbairt agus a dtógáil ar lámh ag na háisíneachtaí cuí.

Tuigim chomh maith, go bhfuil Údarás na Gaeltachta sásta breathnú ar an féidearthacht go ndéanfaí a cuid córais nó, i gcásanna áirithe, tailte a cheannach, le go ndéanfaí iad a úsáid don chuspóir seo, chomh fada agus nach ndéanfaí aon díobháil d’aon úsáid eile a bheadh i bpleananna an Údaráis do na tailte sin sa todhchaí.

Barr
Roinn