Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Lán-Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 February 2019

Tuesday, 12 February 2019

Ceisteanna (273)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

273. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na socruithe atá á ndéanamh le freastal ar an éileamh ar oideachas dara leibhéal i ndeisceart Chathair Bhaile Átha Cliath le freastal ar na scoláirí atá ag fágáil na nbunscoileanna lán-Ghaelacha i mBaile Átha Cliath 6 (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6922/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, b’fhéidir, d’fhógair an Rialtas pleananna le deireanas le 42 scoil nua a bhunú sna chéad cheithre bliana eile (2019 go 2022), lena n-áirítear:

- iar-bhunscoil nua 1,000 dalta a fhreastalóidh ar cheantair pleanála scoile Bhaile Átha Cliath 6 Chluain Sceach agus Bhaile Átha Cliath 6W mar réiteach réigiúnach, agus a bhunófar in 2020; agus

- iar-bhunscoil nua 600 dalta a fhreastalóidh ar cheantair pleanála scoile Bhaile Átha Cliath 2 agus Bhaile Átha Cliath 4 agus a bhunófar in 2021.

Fógraíodh na scoileanna seo tar éis suirbhé náisiúnta déimeagrafach a rinne mo Roinn ar an ngá atá ann le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na tíre. Tabharfaidh an t-achar pleanála ceithre bliana deis dúinn chun an bonneagar riachtanach seo a phleanáil agus a chur i gcrích.

Mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta (2018-2022) maidir le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge (2010-2030), beidh deiseanna ann chun oideachas Gaeilge a leathnú lasmuigh den Ghaeltacht i bhfianaise na 42 scoil nua a bhunófar; déanfar breithniú ar leith ar bhunú Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus aonaid Lán-Ghaeilge mar chuid den phróiseas pátrúnachta nua.

Nuair a chinnfear go bhfuil gá le scoil nua chun freastal ar riachtanais dhéimeagrafacha i gceantar ar leith, eagróidh mo Roinn próiseas pátrúnachta chun pátrún na scoile a roghnú. Cuirfear teanga theagaisc na scoile nua beartaithe san áireamh mar dhlúthchuid den mheasúnú agus den mholadh a dhéanfar maidir le pátrún. Beidh an próiseas chun pátrún a cheapadh do scoileanna nua ar oscailt do gach foras pátrúnachta agus do phátrúin ionchasacha, lena n-áirítear pátrúin atá bainteach le soláthar Gaeilge agus go deimhin aon phátrún ionchasach ar mian leis oideachas Gaeilge a chur ar fáil.

Braithfidh torthaí an phróisis ar shainroghanna tuismitheoirí sa cheantar pleanála scoile lena mbaineann i gcás phátrúin agus teanga theagaisc na scoile, agus ar a mhéad éagsúlachta atá ar fáil cheana féin sna ceantair sin. Déanfar anailís mar chuid den phróiseas measúnachta ar a mhéad éagsúlachta atá ar fáil sa cheantar cheana féin, teanga san áireamh, agus sna ceantair pleanála scoile máguaird.

Grúpa seachtrach neamhspleách comhairle atá i bhfeighil an phróisis phátrúnachta maidir le scoileanna nua, an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua. Tar éis don Ghrúpa seo tuairiscí measúnaithe mo Roinne a bhreithniú, cuireann siad tuairisc agus moltaí ar fáil domsa le haghaidh mo bhreithniú agus mo chinnidh deiridh. Cuirtear na tuairiscí measúnaithe agus moltaí an Ghrúpa i gcás gach próiseas pátrúnachta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Barr
Roinn