Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Teagmháil na nÓg

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 February 2019

Tuesday, 12 February 2019

Ceisteanna (278)

Catherine Connolly

Ceist:

278. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna maidir le Ceist Uimhir 147 ar an 19ú Aibreán 2018, cad iad torthaí an phróisis comhairliúcháin a chuir Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ar bun le grúpaí agus eagraíochtaí pobail áitiúla mar aon leis an tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna maidir le hIonad Teagmhála na nÓg i dTír an Fhia, Conamara; an bhfuil an próiseas comhairliúcháin curtha i gcrích; an bhfuil na torthaí ar fáil go fóill; cad iad na moltaí a rinneadh ina thaobh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7019/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Clár oideachas agus oiliúna é Youthreach a sholáthraítear i suíomhanna lasmuigh den scoil do dhaoine óga idir 16 – 20 bliain d’aois a bhfuil an príomhchóras scolaíochta fágtha go luath acu. Clár breisoideachais atá ann a bhíonn á stiúrú ag na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO).

Tá críoch á chur faoi láthair le meastóireacht ar an gclár Youthreach, agus tá sé i gceist go bhfoilseofar é i ráithe 1 2019. Déanfaidh an mheastóireacht seo iniúchadh ar tháirgeachtaí agus ar thorthaí an chláir Youthreach agus ar éifeachtacht an tsoláthair seo. Cuirfear moltaí ar fáil sa tuarascáil freisin ar an tslí inar féidir an clár a fhorbairt sa todhchaí.

In 2018, bhí sé i gceist 4,372 áit a sholáthar ar fud na tíre. Tá laghdú suntasach tagtha ar an uimhir seo le blianta beaga anuas, díreach os cionn an tríú cuid, mar thoradh go príomhadh ar na rátaí coinneála níos airde san iar-bhunoideachas. Ba é ráta luathfhágla na hÉireann do 2017 ná 5%, ceann de na rátaí luathfhágala scoile is ísle san AE. Tá an pátrún seo le feiceáil go soiléir in iarthar na Gaillimhe. Chuir Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) in iúl do mo Roinn go bhfuil rátaí coinneála níos airde in iar-bhunscoileanna agus laghdú dá réir ar an éileamh ar sholáthar oideachais athdheise do luathfhágálaithe scoile sa cheantar áitiúil. I bhfianaise an easpa éilimh seo, rinne GRETB cinneadh gan an clár Youthreach a sholáthar san ionad atá i gceist. Shocraigh GRETB cúrsaí de chineál eile a chur ar fáil san ionad nár bhain go díreach le Youthreach chun deis a chruthú do rannpháirtíocht an phobail níos leithne.

Bhí oifigigh ó mo Roinn i dteagmháil le GRETB, agus cuireadh in iúl dóibh go rabhthas i dteagmháil le páirtithe leasmhara sa cheantar, ina measc Muintearas, Comhairle Ceantar na nOileáin, agus Ionad Oidhreachta Comhar Chuigeal chun riachtanais áitiúla, ó thaobh oiliúna agus oideachais a aithint in 2018. Is iad na réimsí a aithníodh mar thoradh ar an gcomhairliúchán seo ná: Scileanna Tógála; Sláinte & Scéimh; Ealaín; Scileanna Meáin, Fáilteachas. Bhí sé i gceist go ndéanfaí na cúrsaí seo a reachtáil agus bhí maoiniú cuí SOLAS aitheanta. Rinne an t-ionad na cúrsaí seo a fhógairt go háitiúil ach ní raibh aon ghlacadh leo. Aithníodh éileamh breise d’oiliúint Spóirt agus Áineasa le linn an phróisis chomhairliúcháin agus cuireadh Oiliúnacht phíolótach i Spóirt & Áineasa ar fáil ag QQI Leibhéal 5 agus tá an cúrsa seo ag tarlú faoi láthair i gcomhar leis an Spórtlann i Leitir Móir.

I ngeall ar an easpa éilimh do sholáthar de chineál eile i rith an lae, leanfaidh GRETB ag cur deiseanna ar fáil i Leitir Mór trína roinn Oideachas Pobail. I measc na gcúrsaí beidh Scéimh; Gruagaireacht; Cócaireacht; Uaschúrsáil; Oiliúint Lotnaidicíde; Oiliúnt ar Sábh Slabhra; Sláinte & Folláine; Do Ghnó Féin a Chur ar Bun; Oiliúint an Oiliúnóra; Bácáil; Grianghrafadóireacht; Fíodóireacht Chiseán; Snoíodóireacht Chloiche; Láimhsiú Sábháilte; Bád Mionsamhlach a Thógail; An Chéad Fhreagróir Garchabhrach. Ghlac trí chéad agus fiche naoi rannpháirtí páirt sna cúrsaí seo in 2018.

Tá sé curtha in iúl ag m’oifigigh dom go bhfuil comhairliúcháin á thosú arís ag GRETB agus fáilteofar roimh ionchur ón bpobal áitiúil maidir le riachtanais cúrsaí. Tá sé i gceist ag GRETB tús a chur le cúrsaí mara i mbliana agus táthar ag súil go mbeidh spéis ag daoine a leithéid de chúrsaí a dhéanamh toisc go bhfuil uiscechultúr mar thionscail atá lonnaithe sa cheantar. Tá sé i gceist ag GRETB bolscaireacht a dhéanamh arís ar na cláracha Fáilteachais.

Beidh deis eile, níos déanaí i mbliana, cur isteach arís ar chláir CIA/PLC réamh-phrintíseacht agus beidh GRETB ag cur roinnt cúrsaí eile faoi bhráid SOLAS don mhaoiniú. Má éiríonn leo, déanfar ceann acu seo a lonnú i Leitir Móir, ag brath ar an éileamh.

Leanfaidh GRETB ag cur soláthar oideachais ar fáil do roinnt gníomhaireachtaí sa cheantar freisin - Seirbhísí Meabhairshláinte na Ceathrún Rua; Bruach na Mara (Bráithre na Carthanachta); Rehabcare (Casla). Soláthraíonn GRETB os cionn 9,500 uair an chloig teagaisc in aghaidh na bliana do sheirbhísí i gConamara chun ábhair a chur ar fáil ar nós Drámaíocht; Ealaín; Gairneoireacht; Eacnamaíocht Bhaile; Potadóireacht; Forbairt Phearsanta; Scileanna Maireachtála Neamhspleách; TFC; Litearthacht & Uimhearthacht.

Barr
Roinn