Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na mBóithre Áise

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 February 2019

Tuesday, 12 February 2019

Ceisteanna (779)

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

779. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici chun Scéim na mBóithre Áise a chur ar bun athuair, chun freastal ar thithe agus bóithre feirme i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6920/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi Scéim na mBóithre Áise de chuid mo Roinne, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le obair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre beaga faoi leith sa Ghaeltacht.

Le go mbeadh bóthar cáilithe chun críche na scéime, ba ghá roinnt coinníollacha faoi leith a bheith comhlíonta, ina measc; gur bóthar é nach raibh faoi chúram an údaráis áitiúil ábhartha agus gur bóthar é a bhí ag freastal ar theach amháin ar a laghad móide gabháltas talún nach le húinéir an tí é. Bhí sé mar choinníoll faoi leith chomh maith nach raibh aon gheata transna an bhóthair a thabharfadh le tuiscint don saol fodhlach go raibh cosc orthu an bóthar a úsáid. Mar is eol don Teachta tá an scéim ar fionraí le tamall de bhlianta anois.

Tuigtear go gcuimsítear feabhas ar bhóithre den chineál atá luaite anois faoi Scéim Feabhsúcháin Áitiúil atá faoi stiúir na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Barr
Roinn