Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na mBóithre Áise

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 February 2019

Tuesday, 12 February 2019

Ceisteanna (780)

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

780. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici chun scéim deontais bóithre straitéiseacha a chur ar bun sa Ghaeltacht, le slí rochtana a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre, ag cur i gcuntas go bhféadfaí, leis an airgead nár caitheadh sna buiséid éagsúla atá faoina cúram, maoiniú a chinntiú do scéim dá leithéid; cén uair a bhféadfadh a leithéid de scéim a bheith ag feidhmiú; an mbeadh sí sásta dá gcuirfí plean ilbhliantúil ar bun chun déileáil leis an easpa tograí bonneagair i gceantair Ghaeltachta ó cuireadh an scéim ar fionraí sa bhliain 2010; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6921/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá Scéim na mBóithre Straitéiseach faoina mbíodh ciste airgid á chur ar fáil ag mo Roinn do na húdaráis áitiúla ábhartha chun athchóiriú agus uasghrádú a dhéanamh ar bhóithre áirithe sa Ghaeltacht ar fionraí le tamall de bhlianta anuas.

Is ar na húdaráis áitiúla ábhartha atá an fhreagracht anois maidir le bóithre straitéiseacha sa Ghaeltacht, ach an oiread leis an gcuid eile den tír.

Barr
Roinn