Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúrsaí Oidhreachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 February 2019

Tuesday, 19 February 2019

Ceisteanna (699)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

699. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon chomhráití aici leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maidir le hiarratas a dhéanamh chuig na húdaráis sa Vatacán chun iarracht eile a dhéanamh teacht ar chnámha Aodh Ó Néill i Séipéal San Pietro sa Róimh, mar gheall ar an tábhacht stairiúil a bhaineann le hAodh Ó Néill; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8409/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bhí clár comórtha speisialta ann ag comóradh 400 bliain ó 'Eitilt na n-Iarlaí'. Eagraíodh imeachtaí ar fud na hÉireann, trasna na hEorpa agus chríochnaigh an clár sa Róimh.

Tá a fhios agam nach raibh rath ar na hiarrachtaí chun aon iarsmaí de chuid Aodh Ó Néill in eaglais Naomh Pietro a aimsiú agus a aithint. Níl aon phleananna ag an am seo le haghaidh cuardaigh eile.

Barr
Roinn