Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 February 2019

Thursday, 21 February 2019

Ceisteanna (30)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

30. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fhoilseofar an Bille chun uasdátú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8507/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar chúlra, is iarracht í an Bhille seo, trí na ceannteideil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. 

Agus an Bille á thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse comhairliúcháin ar bun leis na bpáirtithe leasmhara. Leagadh na Ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hOileáin agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh samhraidh 2018.  Tá an tuarascáil sin scrúdaithe anois ag mo Roinn i gcomhthéacs dréachtú an Bhille. 

Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.  Is í an earcaíocht croí-lár na ceiste agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa statchóras agus, ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir.

Tá oifigigh mo Roinne ag obair faoi láthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a dhréachtú.  Tá an Bille san áireamh i gClár Reachtaíochta an Rialtais le foilsiú le linn an téarma seo.

Barr
Roinn