Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 February 2019

Thursday, 21 February 2019

Ceisteanna (47)

Catherine Connolly

Ceist:

47. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é stádas na hanailíse breise atá beartaithe ag Údarás na Gaeltachta ina Phlean Straitéiseach 2018-2020 chun teacht ar bhonnlíne maidir le líon reatha na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, ionas gur féidir gníomhú chun an líon sin a mhéadú 25% faoi 2030 [8686/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta,  faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá cúramaí faoi leith sannta d'Údarás na Gaeltachta mar a bhainean sé le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht, rud atá ag croílár chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.  Mar chuspóir lárnach na straitéise agus an phróisis pleanála teanga tá treisiú na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Sa straitéis agus sa bPlean Gníomhaíochta 5 Bliana  - a foilsíodh anuraidh mar thaca agus mar luasaire ar chur chun feidhme na straitéise,  leagtar béim faoi leith ar phleanáil chomhtháite teanga ag leibhéal an phobail le cúnamh leanúnach an stáit.

Ós rud é gurb é an Daonáíreamh an príomhmhodh cainníochtúil atá ann chun líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht a thomhais agus a mheas tá obair  faoi leith déanta chun a chinntiú go mbaintear leas cuí as mar a bhaineann sé leis an bpróiseas pleanála teanga ach go háirithe agus mar áis chun dul chun cinn a chinntiú. 

Luafainn sa chomhthéacs sin an t-amharcóir mapa (GIS) atá forbartha ag mo Roinn i gcomhar leis an Údarás ag an Príomh-Oifig Stadreamh. Faoin gcóras seo  - a bhfuil fáil air ar shuíomh na Roinne, cuirtear sonraí daonáirimh ar fáil ar bhonn Limistéir Pleanála Tenga Gaeltachta mar a bhaineann sé le Daonáireamh 2011 agus 2016 faoi seach.

Cabhróidh an áis seo - chomh maith leis an anailís cháilíochtúil atá agus a bheidh ar bun ag ceanneagraíochtaí pleanála teanga -  le cúnamh agus comhairle leanúnach mo Roinne agus an Údaráis araon, chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an teanga sa Ghaeltacht, mar a léiríodh sna torthaí a d'fhoilsigh an CSO in 2017.

Cé go léirítear sna torthaí sin na dúshláin mhóra atá le sárú maidir leis an nGaeilge sa Ghaeltacht, táim muiníneach go rachaidh an obair atá ar bun agus beartaithe ag an Údarás, ag mo Roinn agus ag páirtithe leasmhaar eile chun sochair na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go mbeidh toradh na hoibre sin le sonrú i dtorthaí daonáirimh amach anseo.

Barr
Roinn