Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 28 February 2019

Thursday, 28 February 2019

Ceisteanna (81)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

81. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige maoiniú breise nó foireann bhreise a chur ar fáil don togra Mar a Déarfá! atá á sholáthar ag breacadh de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin agus á mhaoiniú faoi láthair ag COGG, de bharr na tairbhe ollmhóire atá le baint as an gclár seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10144/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS), trí thionscnaimh éagsúla, ag cur an Ghaeilge chun cinn sa chóras oideachais agus ag tacú le oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá an ROS ag cur le roinnt gníomhartha i Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge a léiríonn tiomantas na Roinne don Ghaeilge. Tugadh isteach curaclaim nua don Ghaeilge ag an mbunleibhéal, le curaclam ar leith do scoileanna lán-Ghaeilge. Cuireann sé seo béim ar chur chuige cumarsáideach maidir le cumas agus inniúlacht na scoláirí sa teanga a chur chun cinn thar réimse inniúlachtaí ó fhoghlaimeoirí Gaeilge go cainteoirí dúchais.

Ina theannta sin, faoin bPolasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022, cuireadh pacáiste áiseanna saincheaptha ar fáil chun tacú le scoileanna Gaeltachta.Tugann an polasaí seo dúshlán do scoileanna i gceantair Ghaeltachta oideachas Gaeilge d’ard-chaighdeán a chur ar fáil dá ndaltaí agus tá dul chun cinn maith déanta air sin ó chéadchuireadh i bhfeidhm é.

Is tosaíocht thábhachtach é feabhas leanúnach a dhéanamh ar na háiseanna do mhúineadh na Gaeilge. Tá rochtain ar bhonn leanúnach ag gach múinteoir bunscoile, lena n-áirítear iad siúd i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta ar , faoi Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) don Churaclam Teanga Bunscoile agus rinneadh na trí shnáithe de theanga, léitheoireacht agus scríbhneoireacht a chur chun feidhme suas go rang a dó go hiomlán ó Mheán Fómhair 2018. Cuireadh deiseanna breise FGL ar fáil do scoileanna Gaeltachta faoin bPolasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022.

Maoiníonn an Roinn pleananna na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), a dhéanann comhordú ar fhorbairt agus ar sholáthar téacsleabhar agus acmhainní chun tacú le foghlaim agus teagasc trí Ghaeilge. Leanann obair COGG sa réimse se oar bhonn leanúnach, maoiniú “Mar a Déarfá!” san áireamh. Is i gcomhthéacs an phróisis meastacháin a bhreithneofaí aon mhaoiniú sa bhreis a bheadh de dhíth ar COGG don chlár seo.

Barr
Roinn