Már léiriú ar dháiríreacht an Rialtais seo maidir le forbairt na n-oileán tá athbheochan déanta ar an togra chun Céim III de Ché an Chalaidh Mhóir a fhorbairt le tamall anuas. Anuas ar sin, tá an fhorbairt mar cheann de na tograí oileáin atá luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018 - 2027.
Bíonn cruinnithe rialta idir oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag a bpléitear forbairt Ché an Chalaidh Mhóir agus tá na féidearthachtaí maidir lena forbairt pléite le coiste na cé in Inis Meáin ar roinnt ócáidí chomh maith.
Beidh gá ag an bpointe ama seo innealtóirí comhairleacha a cheapadh chun na ceadúnais éagsúla a lorg, an dearadh a dhéanamh agus an próiseas tairisceana a láimhseáil. Tá beartaithe comhlacht le saineolas muirí a fhostú chuige sin sa tréimhse atá romhainn.
Déanfar cinneadh críochnúil faoi scóip na forbartha amach anseo i gcomhthéacs na n-acmhainí airgeadais a bheidh ar fáil do mo Roinn sna blianta amach romhainn agus na n-éileamh éagsúla ar na hacmhainí sin.