Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 March 2019

Tuesday, 12 March 2019

Ceisteanna (735)

Aindrias Moynihan

Ceist:

735. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an líon iomlán de chliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta i ngach contae a bheadh incháilithe don deontas “Bí Réidh” de réir na gcoinníollacha (sonraí tugtha), cén lion iarratas atá ceadaithe agus cén líon atá ar lámh acu faoi láthair. [12301/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 609 an 5 Márta 2019 maidir leis an ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, fuair an tÚdarás trí iarratas ar chúnamh faoin scéim Bí Réidh agus ceadaíodh maoiniú de €15,000 san iomlán ina leith.

Mar is eol don Teachta, is é an aidhm atá leis an scéim Bí Réidh, atá á riar ag Údarás na Gaeltachta, tacaíocht a chur ar fáil do chliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis ar mhaithe leis na rioscaí a bhaineann le Breatimeacht a laghdú agus ar an lámh eile, an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna a d'fhéadfadh eascairt as chomh maith.

Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go raibh os cionn 1,100 cliaint ar bhunachar cliaint an eagrais ag deireadh 2018, ag áireamh trádálaithe aonair, micreachomhlachtaí, chomh maith le comhlachtaí beaga agus meán mhéide. Tá os cionn 150 cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta a fhostaíonn 10+ daoine agus bheadh na comhlachtaí sin ar fad incháilithe chun cur isteach ar thacaíocht na scéime seo. Is iad na comhlachtaí seo is mó a bheadh ag easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe agus a mbeadh tionchar ar an mBreatimeacht orthu dá réir.

Ós rud é go bhfuil íogaireacht tráchtála agus rialacha cosanta sonraí i gceist nach foláir a bheith ar an airdeall fúthu, tá curtha in iúl ag an Údarás  nach mbeadh sé  inmholta, dar leo,  sonraí de réir contae a chur ar fáil - ó tharla go bhféadfaí na comhlachtaí a aithint i gcásanna áirithe.

Agus é sin ráite, tá 25 comhlacht aitheanta ag an Údarás ó anailís nua mar na comhlachtaí is leochailí ó thaobh an Bhreatimeachta de agus tá teagmháil déanta arís leo chun na tacaíochtaí atá ar fáil ón Stát a chur ar a súile dóibh.

Ní miste a lua go bhfuil an líon beag iarratas a fuarthas faoin scéim go dti seo ar aon dul leis an treocht atá le sonrú mar a bhaineann sé leis an laghad éilimh go ginearálta atá ar an macasamhail den scéim dar teideal Be Prepared atá á riar ag Fiontraíocht Éireann.

É sin ráite, tuigim go bhfuil leas agus spéis bainte ag cliaint an Údaráis as scéimeanna eile atá ar fáil dóibh agus ceadaíodh €1.8m de thacaíocht in iomlán in 2018 do scéimeanna i leith Taighde & Forbairt, Rochtain ar Mhargaí, Tacaíocht d’Eochair Phostanna agus an Scéim Céimithe.

Barr
Roinn