Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 March 2019

Tuesday, 26 March 2019

Ceisteanna (1, 2, 3, 4)

Micheál Martin

Ceist:

1. Deputy Micheál Martin asked the Taoiseach the status of the language scheme in his Department. [9379/19]

Amharc ar fhreagra

Mary Lou McDonald

Ceist:

2. Deputy Mary Lou McDonald asked the Taoiseach if he will report on the status of the Irish language scheme of his Department. [10477/19]

Amharc ar fhreagra

Brendan Howlin

Ceist:

3. Deputy Brendan Howlin asked the Taoiseach the status of the language scheme in his Department. [10679/19]

Amharc ar fhreagra

Richard Boyd Barrett

Ceist:

4. Deputy Richard Boyd Barrett asked the Taoiseach if he will report on the status of the Irish language scheme in his Department. [14253/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (9 píosaí cainte)

Tairgim Uimh. 1 go 4 a ghlacadh le chéile.

Faomhadh scéim teangacha oifigiúil mo Roinne faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 in 2016. Cumhdaíonn sí an tréimhse trí bliana ó 2016 go 2019. Cuimsítear sa scéim reatha, atá ar fáil ar gov.ie, roinnt gealltanas atá in ainm is a chinntiú gur féidir le haon chustaiméirí de chuid Roinn an Taoisigh, ar mian leo tabhairt faoina ngnó trí Ghaeilge, é sin a dhéanamh.

Tá obair ar siúl faoi láthair chun scéim teangacha oifigiúla nua a fhorbairt. D’fhoilsigh an Roinn a fógra rúin chun scéim nua a ullmhú ar an 28 Samhain 2018 agus thug sí cuireadh d’aighneachtaí ó gach páirtí leasmhar ar spéis leo maidir leis an scéim nua a ullmhú. I ndiaidh comhairliúchán laistigh den Roinn, tá obair ar an scéim nua beagnach i gcrích. Leagfar amach sa scéim na seirbhísí a sholáthraímid trí Ghaeilge agus na bearta a bheartaímid a ghlacadh lena chinntiú go gcuirfear aon sheirbhísí nach bhfuil á gcur ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair, ar fáil trí Ghaeilge le himeacht ama.

Fad a bhíonn an scéim seo á hullmhú, tugtar an aird mar is cuí ar na treoirlínte a d’eisigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cé nach dtugann mo Roinn leibhéal suntasach d’éileamh ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge faoi deara, aithníonn sí an tábhacht a bhaineann le foireann a bheith aici atá líofa sa Ghaeilge agus in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus leanfaidh sí le hamhlaidh a dhéanamh.

Chuir mé an cheist seo síos ar 20 Feabhra. Is olc an scéal go bhfuilimid anseo inniu i mí an Mhárta ag déileáil léi. Mar is eol don Taoiseach, tá dualgas air scéim faoi leith ó thaobh an teanga a chur chun cinn laistigh don Roinn. Ba é an spriocdháta i gcomhair submissions 1 Eanáir. Cathain a bheidh an plean sin críochnaithe agus foilsithe ag an Roinn? Maidir le hoifigigh na Roinne, cé mhéad dóibh a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu agus atá in ann a gcuid ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge? An bhfuil an figiúr sin maidir le hoifigigh a Roinne féin ag an Taoiseach? Mar is eol don Taoiseach, cháin Conradh na Gaeilge cáináisnéis 2019 - an budget - de réir an mhéid airgid a fuair an Ghaeilge. Bhí Conradh na Gaeilge ag lorg €10 milliún breise le linn 2019 ach ní bhfuair sé ach €5 milliún. Bhí muintir na Gaeltachta míshásta leis an méid a cuireadh ar fáil do na Gaeltachtaí sa bhuiséad chomh maith. Tá deacrachtaí ag baint leis na Gaeltachtaí. Tá dúshláin an-mhór amach rompu, go háirithe i dtaobh na meán cumarsáide agus i dtaobh labhairt na Gaeilge. Tá deacrachatí ann sa chóras oideachais chomh maith. An bhfuil an Rialtas sásta níos mó tacaíochta a thabhairt do na múinteoirí atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge sna Gaelscoileanna agus sna meánscoileanna lán-Ghaeilge chomh maith? An bhfuil aon phlean ag an Rialtas chun déileáil leis an easpa múinteoirí Gaeilge faoi láthair? Tá easpa ann anois. Tá deacrachtaí ag na meánscoileanna múinteoirí Gaeilge a fháil agus a fhostú. Is ceist phráinneach í seo. An bhfuil aon phlean ag an Rialtas chun an fhadhb sin a réiteach?

Gabhaim buíochas leis an Taoiseach as ucht a chuid fhreagra. Tá súil agam gur bhain gach éinne sonas agus sásamh as Seachtain - nó coicís - na Gaeilge. An mbeidh tuairisc nua maidir le dul chun cinn Roinn an Taoisigh faoin straitéis 20 bliain ar fáil go luath? Baineann an tuairisc is déanaí le dul chun cinn na Roinne faoin straitéis ón mbliain 2015. Sin beagnach ceithre bliana ó shin. Impím ar an Taoiseach é sin a réiteach láithreach. Ba mhaith liom ceist dhíreach a chur ar an Taoiseach; cathain a bheidh Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) foilsithe? Bhí sé le déanamh an bhliain seo caite. An féidir leis an Taoiseach dáta a thabhairt dom inniu?

Mar is eol do chách, bhí ráitis againn sa Teach seo i rith Sheachtain na Gaeilge. Sa díospóireacht sin, dúirt mé gur cúis díomá dúinn é nach bhfuil sé ar chumas fhormhór na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt go líofa tar éis na blianta a chaitheamh inár scoileanna ag foghlaim na teanga. Tá dualgas faoi leith orainn aire a thabhairt dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge acu agus atá ag lorg an teanga a úsáid ina gcuid ghnó leis an Rialtas, go háirithe le Roinn an Taoisigh féin. Ón méid atá ráite ag an Taoiseach inniu, níl sé soiléir dom go bhfuil deis á tabhairt do chuile shaoránach agus chuile dhuine an Ghaeilge a úsáid agus iad ag déanamh a gcuid ghnó lena Roinn féin. Más sin an scéal, an bhfuil an Taoiseach sásta leis? Cathain a mbeidh an fhadhb sin réitithe?

Níl mé ullmhaithe le haghaidh gach ceist; therefore, with the Ceann Comhairle's indulgence, I will reply in both English and Irish.

Deputy Micheál Martin asked about an buiséad, an cáinaisnéis don Ghaeilge, faoi Chonradh na Gaeilge, faoi Fhoras na Gaeilge agus faoi Údarás na Gaeltachta. In the last budget which, of course, was for this year there was an increase in funding of 12% for the Gaeltacht and the Irish language more broadly, which was in line with the increases we provided across the board for the arts, culture and sport. Providing the economy allows it, I anticipate that we will continue to increase funding by about 10% to 12% a year, thus meeting the target of doubling funding for the Irish language and the Gaeltacht by 2025. Some of the money has gone to Údarás na Gaeltachta to invest in job creation, while other moneys have gone to Foras na Gaeilge for language promotion and so on.

On the support given to teachers to teach Irish, it is an area in which there is a real difficulty in recruiting teachers. There is a shortage of teachers with degrees in Irish, largely because of the number of people graduating and the number of other job opportunities in places such as the European Commission-----

Tá sé ró-chostasach, it is too expensive.

To do what? To study Irish.

To study teaching in Ireland at second level.

I understand there were schemes under which teachers received funding or bursaries to take a master's degree in education, for example. I know that the Minister, Deputy Bruton, is examining whether we can restore any of those measures.

To respond to Deputy Howlin's comments, what we fundamentally need to do is provide more opportunities to use the language in a more normal environment. The Deputy is correct in saying children learn it and that students leave school after ten to 13 years without being fluent. Many of us fall into that category. It comes down to having more everyday opportunities to use the language, practise it and be exposed to it. That is why it is really important that Government bodies provide services in the language.

Barr
Roinn