Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 April 2019

Tuesday, 2 April 2019

Ceisteanna (627)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

627. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici líon na scoláireachtaí atá ar fáil do scoláirí le freastal ar mheánscoileanna ar na hoileáin a mhéadú go dtí os cionn 30 má bhíonn éileamh ar sin; mura bhfuil, cén chúis atá leis sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15425/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

D’fhógair mé le déanaí go bhfuil allúntas suas le €450,000 in iomlán thar tréimhse 3 bliana ceadaithe agam ar leas na niar-bhunscoileanna ar na hOileáin Árann agus ar leas an bhirt faoi leith a bhfuil tagairt déanta dó sa cheist ach go háirithe.

Faoin allúntas seo, íocfar deontas ar fiú €27 in aghaidh an scoláire in aghaidh an lae, faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne le teaghlaigh cháilithe ar na hOileáin Árann a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí ón mórthír a chaitheann scoilbhliain ar cheann de na hoileáin.

Faoin socrú seo, atá i bhfeidhm ó 2007, baineann suas le 30 scoláire iar-bhunscoile leas as an scoilbhliain iomlán a chaitheamh ag freastal ar cheann de na hiar-bhunscoileanna ar na hOileáin Árann: Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oirr, nó Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin.

Is cinnte go bhfuil tábhacht agus tairbhe ar leith leis an mbeart seo ó thaobh inmharthanacht na scoileanna agus, dá réir, inmharthanacht na n-oileán. Ní amháin sin ach, de thoradh an bhirt seo, tugtar an deis do scoláirí nach bhfaigheadh an deis sa ghnáthbhealach bliain iomlán a chaitheamh ag fáil oideachais trí Ghaeilge ar na hoileáin Árann. Is chun sochair na Gaeilge agus na n-Oileán Árann atá an beart seo, dá réir.

Ár ndóigh, is gá tosca teanga a chur san áireamh mar is cuí sa socrú seo trí chéile ar mhaithe le féachaint chuige go bhfanfaidh an Ghaeilge mar theanga fheidhmiúil in uachtar sna scoileanna i gceist. Ar an údar sin, níl i gceist aon leasú a dhéanamh ar an uaslíon de dheichniúr scoláire in aghaidh na scoile atá i bhfeidhm faoi láthair.

Barr
Roinn