Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 April 2019

Tuesday, 2 April 2019

Ceisteanna (628)

Catherine Connolly

Ceist:

628. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta le pleananna teanga na gcúig Líonra Gaeilge; cad iad na foinsí maoinithe atá aitheanta chun cur i bhfeidhm na bpleananna sin a mhaoiniú, idir thuaidh agus theas; cé mhéad airgid in aghaidh na bliana a chuirfear ar fáil chun na pleananna a chur i bhfeidhm; cathain a bhfuiltear ag súil leis go ndéanfar na pleananna sin a cheadú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15460/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is sa dlínse seo amháin atá feidhm le forálacha Acht na Gaeltachta 2012, faoina n-aithnítear Líonraí Gaeilge reachtúla. Tuigtear dom, áfach, gur aithníodh dhá líonra i dTuaisceart Éireann faoi scéim neamhreachtúil de chuid Fhoras na Gaeilge, an eagraíocht tras-teorainn atá comhaoinithe ag mo Roinn agus ag an Roinn Pobal ó thuaidh ar mhaithe leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Is aitheantas é seo ar an obair thábhachtach atá ar bun ag na pobail seo agus ag pobail éagsúla eile ar an taobh ó thuaidh den teorainn chun úsáid na Gaeilge a leathnú amach sa tuaisceart.

Maidir leis an dlínse seo agus an trí Líonra atá ábhartha don phróiseas ag an bpointe ama seo, cuireadh dréacht de phlean teanga Líonra Chluain Dolcáin, i gCo. Bhaile Átha Cliath, faoi bhráid mo Roinne le fíor-ghairid agus tá an plean sin á bhreithniú faoi láthair.

Táthar ag súil freisin go mbeidh pleananna teanga i leith Líonraí Baile Loch Riach, Co. na Gaillimhe agus Inis, Co. an Chláir curtha faoi bhráid mo Roinne chun críche breithnithe ag Foras na Gaeilge go luath.

Tá ciste iomlán de €3.2m ar fáil don phleanáil teanga trí chéile sa bhliain reatha. Scrúdófar gnóthaí airgeadais na bpleananna i leith na Líonraí Gaeilge i gcomhthéacs an tsoláthair airgid sin agus na n-éileamh éagsúla air.

Barr
Roinn