Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 April 2019

Tuesday, 16 April 2019

Ceisteanna (194)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

194. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige a shocrú, mar chuid den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, 2017–2022, go n-earcófar síceolaithe le hardchumas Gaeilge le seirbhísí a chur ar fáil do na bunscoileanna agus do na meánscoileanna Gaeltachta; cén fáth nach bhfuil an tseirbhís seo ar fáil cheana féin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17567/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, soláthraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) seirbhís síceolaíochta oideachais do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna ar fud na tíre. Feidhmíonn SNSO laistigh de ocht Réigiún le 23 oifig go náisiúnta a sholáthraíonn Seirbhís siceolaíochta do scoileanna ina ndobharcheantair. Leithdháiltear síceolaithe SNSO, ar bhonn bliantúil, chun seirbhís a sholáthar do scoileanna áirithe laistigh de dhobharcheantar. Is seirbhís scoilbhunaithe í SNSO agus é mar aidhm aici tacú le múinteoirí agus le tuismitheoirí chun freastal ar riachtanais foghlaimeoirí i scoileanna. Mar is gnáth san earnáil phoiblí, is é soláthar foirne le haghaidh aon seirbhís, go háirithe sainseirbhís mar shíceolaíocht oideachasúil, faoi ??réir infhaighteacht agus coinneáil foirne maidir le héirí as, scor, saoire mháithreachais nó saoire bhreoiteachta.

I gcás go bhfuil gá le seachadadh seirbhíse trí mheán na Gaeilge do dhaltaí, do thuismitheoirí nó d'fhoireann na scoile, mar shampla i scoileanna sa Ghaeltacht nó i nGaelscoileanna/ Gaelcholáistí, cuirtear san áireamh inniúlacht teangan an tsíceolaí SNSO nuair a bhíonn scoileanna á leithdháileadh. Mar  a thuilleadh eolais don Teachta, tá a fhíos ag bainistíocht  SNSO go bhfuil 27 síceolaí atá inniúil chun a leithéid de sheirbhís a sholáthar go náisiúnta. Go deimhin, tugann suirbhé le déanaí le tuiscint go bhfuil buncháil mhaith Gaeilge ag céatadán níos airde ná sin (os cionn 60% den 180 atá ceapaithe).

Ina theannta sin, cuireann SNSO riachtanais Ghaeilge scoileanna san áireamh agus seirbhís réigiúnach Tacaíochta agus Forbartha (forbairt ghairmiúil múinteoirí) á n-eagrú acu do scoileanna, ag díriú ar sheachadadh na gclár sin ar na baill foirne sin a bhfuil an inniúlacht is airde acu sa Ghaeilge.

Tús áite do bhainistíocht SNSO is ea oiliúint leanúnach na foirne maidir le hinniúlacht sa Ghaeilge. Ó 2014 i leith, tá clár Gaeilge cúig lá eagraithe ag SNSO dá Síceolaithe le cúnamh ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Freastalaíonn 15-20 ball foirne SNSO ar an gclár  ‘Dianchúrsa Gaeilge’ go bliantúil.  Soláthraíonn an cúrsa seo dian-ghramadach agus comhpháirt chomhrá ar maidin agus comhpháirt speisialaithe theicniúil teangan gach tráthnóna a oireann do riachtanais seirbhíse síceolaíochta oideachais. Le soláthar bliain-ar-bhliain an chláir oiliúna seo is féidir dul chun cinn gairmiúil na mball foirne rannpháirteach ó inniúlacht bhunúsach go hardleibhéal.

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta go ndéanann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) earcaíocht shíceolaithe oideachais do SNSO. Tá SCP ag eagrú comórtas náisiúnta  do SNSO faoi láthair agus tá sé leagtha síos agam go bhfuil spéis faoí leith ag mo Roinn do na hiarrthóirí a bhfuil ardchumas acu sa Ghaeilge. Déanfar an inniúlacht bhreise seo a thástáil mar chuid de chéim agallaimh iomaíoch an chomórtais.

Tá súil agam go soiléiríonn sé seo an tsaincheist don Teachta.

Barr
Roinn