Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 April 2019

Tuesday, 16 April 2019

Ceisteanna (445)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

445. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil aon airgead dlite d’fheirmeoir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe, bunaithe ar cinneadh ar athbhreithniú a rinne an Oifig Achomhairc ar iarratas ón Roinn de thoradh cinneadh a rinne an Oifig Achomhairc nach raibh siad sásta leis; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17609/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bhí an té atá ainmnithe ina ábhar do chigireacht Níotráití an 19 Feabhra 2016, arna cur i gcrích ag mo Roinnse thar ceann na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.  Aithníodh le linn na cigireachta sin go raibh réimse ceanglas tras-chomhlíontachta faoi na Rialacháin Níotráití nach rabhthas á gcomhlíonadh. De bharr chomh tromchúiseach is a bhí an neamhchomhlíonadh a bhí i gceist, agus de bharr go tharla an neamhchomhlíonadh arís eile, cinneadh 100% den phionós a chur i bhfeidhm i leith na Scéimeanna Íocaíochtaí Díreacha in 2016. Cuireadh an cinneadh sin in iúl don té atá ainmnithe an 31 Márta 2016.

Lorg an té atá ainmnithe athbhreithniú ar an gcinneadh sin. Scrúdaigh Cigire Ceantair an réigiúin an cinneadh agus sheas an cigire le torthaí na cigireachta. Cuireadh toradh an athbhreithnithe in iúl don té atá ainmnithe an 16 Bealtaine 2016.

Rinne an té atá ainmnithe achomharc ar an gcinneadh chuig an Oifig Achomharc Talmhaíochta neamhspleách agus tionóladh éisteacht ó bhéal. D'éirigh leis an achomharc i bpáirt agus laghdaíodh an pionós tras-chomhlíontachta ó 100% go dtí 15%. Ar chinneadh na nOifigeach Achomharc a scrúdú, d'iarr oifigigh shinsearacha ó mo Roinnse ar Stiúrthóir na hOifige Achomharc Talmhaíochta an cinneadh a athbhreithniú.  Ba é toradh an athbhreithnithe seo, a d'eisigh an Stiúrthóir an 28 Feabhra 2019, gur chóir pionós tras-chomhlíontachta 20% a chur i bhfeidhm i leith na bliana scéime 2016. Tá an cinneadh sin curtha i bhfeidhm ag oifigigh mo Roinne agus déanfar aon íocaíochtaí eile atá dlite a eisiúint chuig cuntas bainc sonraithe an té atá ainmnithe chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn