Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Achomhairc Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 8 May 2019

Wednesday, 8 May 2019

Ceisteanna (1199)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1199. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh ar achomharc atá déanta ar son feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil moill ar an gcinneadh ar an achomharc seo, ag cur i gcuntas na cúinsí force majeure atá i gceist leis; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20086/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Fuarthas litir achomhairc ó TirGlas Teo thar ceann an duine ainmnithe. Níor chuir an duine ainmnithe iarratais ar aghaidh ar Scéim na hÍocaíochta Aonair (SPS) i leith na mblianta 2013 & 2014 ná iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) sa bhliain 2015 agus is leis sin a bhaineann an t-achomharc.

Mar a leagadh amach sa bhfreagra roimhe seo chuig an Teachta, tá an ceart íocaíocht a fháil faoin BPS ag brath ar bhlianta tagartha 2013, 2014 agus 2015. Dá bhrí sin ní mór aon chinneadh glacadh le hiarratais i leith na mblianta sin a bhreithniú go cúramach de bharr an méid ama atá caite, go háirithe cinneadh a dhéanamh an féidir teidlíochtaí BPS a leithroinnt freisin. Tá an cháipéisíocht a cuireadh ar aghaidh athbhreithnithe agus rinne oifigeach ó mo Roinn teagmháil leis an duine ainmnithe agus iarraidh eolas níos sonraithe. Cuireadh an t-eolas breise ar aghaidh le déanaí agus tá sé á athbhreithniú faoi láthair.

A luaithe a bheidh athbhreithniú iomlán ar an gcás tugtha chun críche, déanfaidh oifigeach ó mo Roinn teagmháil go díreach leis an duine ainmnithe.

Barr
Roinn