Tuesday, 21 May 2019

Ceisteanna (236)

Catherine Connolly

Ceist:

236. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna cén gníomhaíochtaí atá ar bun ag a Roinn chun buntáistí an Ghaeloideachais a chur chun cinn i measc an phobail agus chun tuismitheoirí a spreagadh chun an Ghaelscolaíocht a roghnú dá bpáistí tríd an bPróiseas um Athchumrú Scoileanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21407/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa (Ceist ar Education)

Chuir mo Roinnse go suntasach leis an Straitéis 20 bliain uile-Rialtais don Ghaeilge le plean Gníomhaíochta 5 bliana don Ghaeilge 2018 – 2022 a seoladh i samhradh na bliana 2018. Sa chaibidil dar teideal “Réimse Gnímh – Oideachas” tá 48 as 187 beart atá sa Phlean agus ainmníodh mo Roinnse mar phríomheagraíocht a bhfuil freagracht uirthi i leith 28 de na bearta sin.

I measc na spriocanna sa straitéis a bhfuil baint ag mo Roinnse leo, tá tacaíocht speisialta don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge; athchóiríu a dhéanamh ar churaclam na Gaeilge, soláthar don oideachas lán-Ghaeilge sna luathbhlianta, ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile a leathnú; agus soláthar feabhsaithe a dhéanamh d’fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí. Rinneadh spriocanna atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chorprú sa phlean gníomhaíochta cúig bliana.   Sna 20 bliain seo amach romhainn, is mian leis an rialtas go dtiocfadh méadú ó 83,000 go dtí 250,000 ar líon na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh d’earnáil an oideachais. Is mian leis an rialtas freisin go dtiocfadh méadú 25% ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé mar aidhm go mbeadh dhá mhilliún duine inniúil sa Ghaeilge faoin mbliain 2030.

Threoraigh an Roinn mórphróiseas taighde agus comhairliúcháin sna pobail Ghaeltachta chun Polasaí spriocdhírithe i dtaca le hOideachas Gaeltachta a fhorbairt, agus foilsíodh an polasaí sin in 2016. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí seo, ar polasaí é ar fháiltigh na pobail Ghaeltachta roimhe, tacaíocht a thabhairt d’oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán sna scoileanna Gaeltachta agus cur leis d'fhonn scoláirí na Gaeltachta agus a gcuid tuismitheoirí a spreagadh chun an t-oideachas lán-Ghaeilge a roghnú. Tosaíodh ar réimse de ghníomhartha polasaí a fheidhmiú go luath in 2017, lena n-áirítear an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a sheoladh, ar scéim í a thugann deis do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna sa Ghaeltacht rochtain a fháil ar thacaíochtaí agus ar acmhainní breise.  I measc  na ngníomhartha polasaí eile, tá cláir nua a thabhairt isteach maidir le hoideachas múinteoirí lán-Ghaeilge.

Tá forbairtí suntasacha tagtha ar sholáthar curaclaim don Ghaeilge ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile ó foilsíodh straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge. Cuireann Curaclam Teanga na Bunscoile (2015) cur chuige comhtháite chun cinn maidir le foghlaim an Bhéarla agus na Gaeilge.  Den chéad uair, foilsíodh sonraíochtaí faoi leith don Ghaeilge in 2016 do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus in iar-bhunscoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán an Bhéarla.

Ina theannta sin, tá comhairliúchán poiblí curtha i gcrích ag mo Roinnse le déanaí maidir le ciorcláin leasaithe a rialóidh an polasaí agus an cleachtas i dtaca le Díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge  Tá scrúdú neamhspleách á dhéanamh faoi láthair ar thorthaí an chomhairliúcháin agus cuirfidh siad sin bun eolais faoi chríochnú na gciorclán leasaithe.

D'fhógair mé tionscadal nua le déanaí maidir le Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT)  Cur chuige oideachasúil atá dírithe ar dhá aidhm is ea FCÁT, ina n-úsáidtear teanga bhreise chun idir theanga agus ábhar a theagasc.  Déanann cur chuige FCÁT soláthar chun gnéithe den churaclam a chur ar fáil i dteanga nach í teanga theagaisc na scoile í. Cé nach ionann FCÁT agus tumoideachas, cuireann sé solúbthacht agus deiseanna ar fáil i gcomhair cur chuige níos spriocdhírithe chun díriú ar fhoghlaim agus ar theagasc teanga.  Is tionscadal trí bliana a bheidh ann chun tacú le foghlaim na Gaeilge tríd an gCorpoideachas agus trí ábhair eile. 

Tugann an Próiseas Athchumraithe don Éagsúlacht do Scoileanna deis an líon scoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre a mhéadú.  Tá an próiseas nua seo dírithe ar dhlús a chur le soláthar scoileanna il-sainchreidmheacha agus neamh-shainchreidmheacha i dtreo sprioc an Rialtais go mbeadh 400 scoil den sórt sin ann faoin mbliain 2030.  Ceapadh an próiseas, a bhaineann le haistriú beo a dhéanamh ar scoileanna atá ann cheana féin, chun scoileanna il-sainchreidmheacha /neamh-shainchreidmheacha sa bhreis a chur ar fáil i mBéarla nó i nGaeilge agus cuireann sé deis ar fáil do scoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán an Bhéarla scoileanna lán-Ghaeilge a dhéanamh díobh féin sa chomhthéacs sin, ag teacht leis na mianta atá léirithe ag tuismitheoirí agus ag an bpobal scoile áitiúil.  Tá céim 1 den phróiseas aitheantais beagnach curtha i gcrích sna 16 cheantar tosaigh agus beidh na tuairiscí ar an gcéim aitheantais á bhfoilsiú sa chéad leath de 2019. Tá an cion de thuismitheoirí na leanaí réamhscoile a ndearnadh suirbhéireacht orthu mar chuid den phróiseas seo agus a roghnódh scoil il-sainchreidmheach /neamh-shainchreidmheach dá leanbh san áireamh sna tuairiscí.

Ar leithligh ón bPríomhphróiseas Athchumraithe don Éagsúlacht do Scoileanna, féadfaidh pobail scoileanna dul i mbun caidrimh go díreach lena bpátrún scoile maidir le haistriú pátrúnachta, chun a bheith ina scoil il-sainchreidmheach, lena n-áirítear a bheith ina scoil il-sainchreidmheach lán-Ghaeilge.   Molaim d'aon phobal scoile atá ag iarraidh aistriú pátrúnachta teagmháil a dhéanamh lena bpátrún scoile maidir leis sin.”