Mar is eol don Teachta, tá oifigigh mo Roinne ag obair faoi láthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a dhréachtú. Tá an Bille seo ar Chlár Reachtaíochta an Rialtais don seisiún seo.
Mar chuid thábhachtach den leasú ar an Acht, tá sé i gceist aird a thabhairt ar an ábhar atá luaite ag an Teachta, eadhon, an ceart atá ag saoránaigh a n-ainmneacha agus/nó seoltaí Gaeilge á úsáid agus iad ag plé leis an Stát.
Mar chúlra, is iarracht é an Bille seo, trí na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
Tá sé i gceist sa Bhille foráil a dhéanamh a chinnteofar go n-éascóidh comhlachtaí poiblí úsáid ainmneacha agus seoltaí sa dá theanga oifigiúil, lena n-áirítear úsáid an tsínidh fhada agus sloinnte níos faide a éascú.
Táthar ag súil go réiteoidh na forálacha seo na deacrachtaí atá ardaithe ag an gCoimisinéir Teanga ina Thuarascáil Bhliantúil.