Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Craoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 May 2019

Tuesday, 28 May 2019

Ceisteanna (381)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

381. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cad iad na bearta atá i gceist aige a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh RTÉ a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge i bhfianaise na tuarascála a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga le gairid inar dúradh go raibh RTÉ ag sarú an Achta Craolacháin, 2009 maidir le soláthar clár teilifíse Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22850/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

De réir Alt 98 den Acht Craolacháin 2009, is craoltóir neamhspleách náisiúnta seirbhíse poiblí é RTÉ agus, ar an ábhar sin, níl aon ról agamsa mar Aire ina chuid oibríochtaí ó lá go lá. Foilsíonn RTÉ Ráitis Bhliantúla ar Ghealltanais Feidhmíochta le spriocanna a bhaineann le réimse seirbhísí, an Ghaeilge san áireamh. Déanann Údarás Craolacháin na hÉireann, mar rialtóir neamhspleách, athbhreithniú ar a fheidhmíocht i gcomhthéacs na spriocanna sin gach bliain.

Barr
Roinn