Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 June 2019

Tuesday, 11 June 2019

Ceisteanna (985)

Catherine Connolly

Ceist:

985. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil cad iad na rialacha atá i bhfeidhm maidir le cumas Gaeilge na n-oibrithe a oibríonn sna hionaid vótála a fheidhmíonn i gceantair Ghaeltachta le linn toghchán/reifreann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23845/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ní forálacha ar bith sa dlí toghcháin a bhaineann le cumas Gaeilge na foirne a oibríonn in stáisiúin vótála i gceantair Ghaeltachta.  Foráiltear sa dlí toghcháin go mbeidh stiúradh na dtoghchán faoi gach ceann comhairimh áitiúil. 

Mar sin féin, eisíonn mo Roinn treoir chuig gach ceann comhairimh áitiúil roimh gach vótáil, lena n-áirítear an vótáil is déanaí a rinneadh an 24 Bealtaine 2019.  Sa treoir sin, iarrtar ar chinn chomhairimh a chinntiú go bhfuil an inniúlacht ag na hoifigigh cheannais agus ag na cléirigh vótála a cheaptar ar na stáisiúin vótála sa Ghaeltacht chun a ndualgais a chur i gcrích i nGaeilge.

Barr
Roinn