Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coimisinéir Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 June 2019

Wednesday, 12 June 2019

Ceisteanna (60)

Dara Calleary

Ceist:

60. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad a cheapann sí faoi Thuarascáil Bhliantúil 2018 an Choimisinéara Teanga. [24267/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is iondúil, d'fhoilsigh an Coimisinéir Teanga tuarascáil bhliantúil an-chuimsitheach a léiríonn an réimse leathan oibre atá ar siúl ag a oifig agus a thábhachtaí is atá an obair sin do phobal na Gaeilge.

Tharraing an Coimisinéir aird ar leith ar nithe áirithe, eadhon:

Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a foilsíodh in 2017

Léirigh sé díomá nach raibh na leasuithe don Acht mar Bhille foilsithe go fóill. Chuir sé fáilte roimh an mholadh ón Chomhchoiste don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin, go mbeadh Gaeilge ag 20% d'iontrálaithe nua sa státseirbhís. Mhol sé fosta córas nua caighdeáin teanga in áit scéimeanna teanga. Dhearbhaigh sé go raibh pleanáil mar is cóir de dhíth chun tosaíochtaí a aithint maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Bliain na Gaeilge 2018

Mhol sé na himeachtaí a bhí ar siúl mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018.

Imscrúduithe.

I measc na n-ocht n-imscrúdú a rinneadh i rith 2018 bhí ceann suntasach maidir le RTÉ. Dúirt an Coimisinéir go raibh níos lú ná 1% de chraoltaí Gaeilge ar RTÉ ainneoin an dualgas atá ar an chomhlacht réimse cuimsitheach cláracha Gaeilge a chur ar fáil. Bhain imscrúdú eile le Comhairle Chontae na Gaillimha agus úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta.

Gearáin

Cé gur fhan an líon gearán seasmhach (634) ó 2017, tháinig méadú ar an líon gearán a bhain le deacrachtaí ainmneacha agus nó seoltaí i nGaeilge a úsáid agus daoine ag plé le háisíneachtaí stáit.

Córas nua monatóireachta

Tugadh córas úr monatóireachta isteach in 2018 le níos mó béime ar obair iniúchta, bunaithe ar théamaí éagsúla.

Scéimeanna Teanga

Nótáil an Coimisinéir Teanga gur aontaíodh 132 scéim teanga faoi dheireadh na bliana.

Is fiú don Teachta a nótáil go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair faoi láthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a dhréachtú. Mar chuid thábhachtach den leasú ar an Acht, tá sé i gceist aird a thabhairt ar an ábhar atá luaite ag an Choimisinéir.

Mar chúlra, is iarracht é an Bille seo, trí na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Tá sé i gceist sa Bhille foráil a dhéanamh a chinnteofar go n-éascóidh comhlachtaí poiblí úsáid ainmneacha agus seoltaí sa dá theanga oifigiúil, lena n-áirítear úsáid an tsínidh fhada agus sloinnte níos faide a éascú.

Táthar ag súil go rachaidh na forálacha agus na céimeanna eile atá á nglacadh sa Bhille Leasaithe maidir le caighdeáin teanga agus earcaíocht don státchóras cuid mhaith i ngleic leis na deacrachtaí atá ardaithe ag an gCoimisinéir Teanga ina Thuarascáil Bhliantúil.

Barr
Roinn