Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 June 2019

Thursday, 13 June 2019

Ceisteanna (248)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

248. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil aon mheasúnú déanta, nó an bhfuil sé i gceist aon mheasúnú a dhéanamh, ar na féidearthachtaí atá ann chun síneadh beag a chur leis na haerstráicí a úsáidtear le seirbhís aeir a chur ar fáil do na hoileáin chun gur féidir leo eitleán a d’fhéadfadh 20 paisinéir a iompar in aon tráth amháin, a ghlacadh; cén síneadh a bheadh i gceist i ngach cás lena dtabhairt cothrom le caighdeán 1,800 troigh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24610/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá ceithre aerstráice i gceist leis an tseirbhís aeir atá á cur ar fáil d'Oileáin Árann - ceann ar an mórthír ag Aerfort Chonamara agus ceann ar gach aon cheann de na trí oileáin.  Is féidir liom a dheimhniú don Teachta nach bhfuil aon mheasúnú déanta ag mo Roinn ar an bhféidearthacht síneadh a chur leo. 

Chun tabhairt faoina leithéid, bheadh gá comhairle a ghlacadh le hÚdarás Eitlíochta na hÉireann agus ar ndóigh, bheadh impleachtaí pleanála agus comhshaoil ann, gan trácht ar an gcostas a bheadh leis.  Níl aon phleananna ag mo Roinn tabhairt faoin obair seo.

Barr
Roinn