Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Plean Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 July 2019

Tuesday, 9 July 2019

Ceisteanna (871)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

871. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a n-aontófar pleananna teanga do na bailte seirbhíse Gaeltachta atá taobh amuigh den Ghaeltacht; an fáth go bhfuil an oiread moille le seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas in thatobh. [29336/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i leith ceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge.

Tá Foras na Gaeilge freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna Bailte Seirbhíse Ghaeltachta atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht.

Fearacht an chuid eile den phróiseas a bhaineann leis na Limistéír Pleanála Teanga Ghaeltachta agus na Líonraí Gaeilge go deimhin, is gá a aithint gur ag luas na bpobal ábhartha faoi leith is gá gluaiseacht ós rud é gur ón mbonn aníos agus ón mbarr anuas atá an próiseas.

Ní call a rá go bhfuil cistíocht curtha ar fáil ar bhonn bliantúil don Fhoras ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun a chumasú dóibh cabhrú le hullmhú pleananna teanga. Ina theannta sin d'eisgh an Roinn Treoirlínte Pleanála Teanga in 2014 - a bhfuil an t-eagrán is déanaí díobh foilsithe le gairid ag an Roinn, mar áis dóibh siúd a bhfuil baint acu le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga. Lena chois sin rinne an Roinn i gcomhar leis an CSO agus páirtithe leasmhara eile amharcóir mapa GIS a fhorbairt le go mbeidh teacht níos éasca ar fhaisnéis atá ábhartha don phroiséas lena n-áirítear torthaí Daonáireamh 2011 agus 2016. Tá fail ar an amharcóir mapa ar shuíomh na Roinne.

Chun tuilleadh dlús a chur le rudaí is fiú a lua gur cuireadh ciste bliantúil ar fiú €50,000 ar fáil don Fhoras ag tús na bliana chun go mbeidh sé curtha ar chumas an Fhorais feidhmeannach breise a cheapadh chun cabhrú leis an obair. 

Ón tuairisc is déanaí atá faighte ón bhForas ina leith tá curtha in iúl don Roinn go mbeidh pleanann teanga curtha faoinár mbráid na Roinne chun críche faofa faoin Acht mar atá sonraithe thíos:

- Cathair na Gaillimhe, - fómhar 2019

- Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, - Nollaig 2019

- Cathair Chorcaí, - Bealtaine 2020

- Trá Lí, Co. Chiarraí, - Iúil 2020

- Dún Garbhán, Co Phort Láirge - Meán Fomhair 2020 

- Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo - Nollaig 2020

Ní call a rá go leanfar ag tacú oiread is féidir leis an bhForas chun a gcuid dualgas maidir leis an bpróiseas pleanála teanga a chomhlíonadh.

Barr
Roinn