Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 July 2019

Tuesday, 9 July 2019

Ceisteanna (877)

Catherine Connolly

Ceist:

877. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an iarratas atá curtha isteach ag Gaillimh le Gaeilge chun tuilleadh acmhainní a fháil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29594/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú reatha ar fáil don eagraíocht: Gaillimh le Gaeilge chun tacú lena gcuid gníomhaíochtaí. Is €139,080 atá ceadaithe don eagraíocht i mbliana faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge de chuid na Roinne.

Is é Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, atá freagrach as plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do Chathair na Gaillimhe faoin bpróiseas pleanála teanga. Táthar ag súil go gcuirfear an plean seo faoi bhráid na Roinne i mí Mheán Fómhair na bliana chun críche faofa faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is i gcomhthéacs an allúntais reatha thuasluaite agus an phróisis pleanála teanga a ndéanfar an cheist faoi ghnóthaí airgeadais na heagraíochta don tréimhse atá le teacht  a bhreithniú - tar éis plean a bheith faomhaithe agus soiléireacht níos fearr a bheith ann faoi na himpleachtaí féideartha airgeadais don chiste pleanála teanga trí chéile.

Barr
Roinn