Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 10 July 2019

Wednesday, 10 July 2019

Ceisteanna (424)

Pearse Doherty

Ceist:

424. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir léi an t-eolas is déanaí a chur ar fáil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Roinn chun bonneagar úr a fhorbairt ag Cé Mhachaire Rabhartaigh i gContae Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30114/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá Cé Mhachaire Rabhartaigh faoi chúram Chomhairle Chontae Dhún an nGall. Tá an cé seo san áireamh mar cheann de na tograí atá le forbairt faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.

Mar chuid den phróiseas forbartha, tá iarrtha ag mo Roinn ar an gComhairle Chontae Cás Gnó ina leith a ullmhú faoi réir théarmaí an Chód Caiteachais Phoiblí. Cuirfidh torthaí an Cháis Gnó sin i bhfios don Chomhairle agus do mo Roinn an chéad chéim eile a bhainfidh leis an togra, ag cur an allúntas airgid atá ar fáil do mo Roinn agus na n-éileamh éagsúla ar an allúntas sin san áireamh.

Barr
Roinn