Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pacáiste Sochair Teaghlaigh

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Ceisteanna (1874)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1874. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí an féidir aon eisceacht a dhéanamh, agus iarratas ar Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht á mheasúnú, maidir leis an riail go gcaithfear 38 uair an chloig oibre a dhéanamh sa choicís, i gcás múinteoir (sonraí tugtha) atá ag cónaí ar oileán amach ón gcósta agus a bhfuil triúr páistí aici agus a bhíonn ag múineadh ar feadh 21 uair an chloig sa choicís ar meán; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36393/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is éard atá san Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht (ÍTF/WFP) ná íocaíocht inoibre a bhfuil taca ioncaim á chur ar fáil tríthi d’fhostaithe a bhfuil leanaí acu agus atá ar thuilleamh íseal i gcomparáid le líon a dteaghlaigh.

Chun cáiliú don Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht, ní mór don iarratasóir, nó ní mór don iarratasóir agus a c(h)éile, a p(h)áirtnéir nó a c(h)omhchónaitheoir, a bheith ag gabháil d’fhostaíocht chúititheach lánaimseartha mar fhostaí ar feadh méid nach lú ná 38 n-uaire an chloig in aghaidh na coicíse (nó 19 n-uaire an chloig in aghaidh na seachtaine) – tá feidhm ag Alt 232(2) (c) den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 mar a fhoráiltear in Airteagal 175 d’IR 142/2007, arna leasú. Ní foláir an coinníoll príomha fostaíochta seo a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach. Chun críche na hÍocaíochta do Theaghlach i bhFostaíocht, sainmhínítear an fhostaíocht lánaimseartha mar fhostaíocht ar phá a mhaireann 38 n-uaire an chloig in aghaidh na coicíse (nó 19 n-uaire an chloig in aghaidh na seachtaine) ar a laghad. Tá na hearnálacha go léir d’iarratasóirí ar an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht agus d’fhaighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlach i bhFostaíocht faoi réir an choinníll cháiliúcháin seo agus faoi réir an choinníll teidlíochta leantaigh seo ó thaobh an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht a fháil, gan beann ar chineál a bhfostaíochta ná ar phatrún oibre a bhfostaíochta.

Ní dhéanann an reachtaíocht rialúcháin leasa shóisialaigh foráil maidir le díolúine ón gcoinníoll príomha a luaitear thuas (uaireanta an chloig a oibrítear) ó thaobh na teidlíochta ar an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht.

Fuarthas iarratas ar an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht an 24 Meitheamh 2019 ón duine lenar bhain agus dícheadaíodh an t-iarratas sin toisc nach gcomhlíontar an coinníoll fostaíochta a luaitear thuas.

Cuireadh cinneadh na Roinne in iúl an 15 Lúnasa 2019 don duine lenar bhain agus insíodh don duine sin freisin faoin gceart achomhairc chuig Oifig neamhspleách na nAchomharc Leasa Shóisialaigh.

Tá súil agam go soiléiríonn sé seo an scéal don Teachta.

Barr
Roinn