Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Ceisteanna (2020, 2025, 2026)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

2020. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta le ceannach Aerfort Chonamara; cén uair atá i gceist conradh nua a fhógairt don tseirbhís aeir chuig na hOileáin Árann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34937/19]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

2025. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le hAerfort Chonamara a cheannach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35383/19]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

2026. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fhógrófar próiseas tairisceana nua le haersheirbhís a chur ar fáil go dtí Oileáin Árann; cé na socruithe a bheidh i bhfeidhm lena chinntiú go leanfaidh aersheirbhís ar aghaidh go dtí go gcuirfear conradh nua buan ar bun; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35384/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 2020, 2025 agus 2026 le chéile.

Tá an próiseas maidir le ceannach an aerfoirt ag leanúint ar aghaidh. Tá luach aontaithe idir na páirtithe. Fostaíodh comhlacht le saineolas san earnáil eitlíochta chun an cás gnó a ullmhú i ndáil le riachtanais an Chóid Chaiteachais Poiblí . Tá dréacht den chás gnó á mheas faoi láthair.

Maidir leis an t-seirbhís aeir tá conradh eatramhach le GASL a sheasfaidh go dtí 30 Meán Fómhair 2019. Tá an Roinn ag gníomhú chun a chinntiú nach mbeadh briseadh sa tseirbhís agus go mbeidh conradh eile socraithe go luath.

Barr
Roinn