Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 September 2019

Wednesday, 18 September 2019

Ceisteanna (113)

Catherine Connolly

Ceist:

113. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna an aontaíonn sé gur éagóir oideachais é a iarraidh ar dhalta atá chun an scrúdú ardleibhéil mata a dhéanamh i nGaeilge i mí an Mheithimh seo chugainn, i ndiaidh a bheith ag staidéar mata trí Ghaeilge ón gcéad bhliain ar aghaidh i nGaelcholáiste Lú, Dún Dealgan, iompú ar an mBéarla chun an scrúdú sin a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37827/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá an Grúpa Stiúrtha maidir le Soláthar Múinteoirí, faoi chathaoirleacht Ard-Rúnaí mo Roinne, ag breithniú na saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar sholáthar múinteoirí i roinnt réimsí polasaí. Tá an Grúpa ag déanamh maoirseachta ar chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta do Sholáthar Múinteoirí, a d’fhoilsigh mé i mí na Samhna 2018. Agus é ag tabhairt faoina chuid oibre, tá aird ag an nGrúpa ar an riachtanas nach mór do gach duine ar mian leis bheith ag múineadh i scoil aitheanta na caighdeáin chláraithe ghairmiúla agus na critéir arna leagan amach ag an gComhairle Múinteoireachta a chomhlíonadh. Is í an Chomhairle an comhlacht rialála gairmiúil do ghairm na múinteoireachta. Tá súil agam a bheith in ann tuilleadh beart chun tacú leis an soláthar múinteoirí a fhógairt sna míonna amach romhainn.

Tugadh isteach roinnt beart a thacaíonn leis an soláthar múinteoirí do scoileanna Gaeilge mar chuid de chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Áirítear orthu sin an Mháistreacht san Oideachas (M.O.) nua trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile, príomhoidí ina measc, ar cuireadh tús léi in 2018 i gColáiste Mhuire gan Smál agus an Baitsiléir Oideachais (B.O.) 4 bliana nua trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile ar cuireadh tús leis in 2019 in Institiúid Oideachais Marino. Leis na cláir nua sin, déantar soláthar do suas le 60 áit nua gach bliain d’oideachas múinteoirí trí mheán na Gaeilge. Cuireadh foireann bhreise ar fáil don chlár Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun an soláthar múinteoirí iarbhunscoile atá in ann oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil in ábhair éagsúla.

 Maidir leis an Ardteistiméireacht, beidh mar rogha ag iarrthóirí, mura luaitear a mhalairt, freagra a thabhairt i nGaeilge nó i mBéarla, ach amháin i gcás na n-ábhar Gaeilge agus Béarla, agus i gcás ábhair teangacha eile áit a dtugtar treoir an sprioctheanga a úsáid.

 Tabharfar leaganacha Gaeilge nó Béarla de na páipéir scrúdaithe d’iarrthóirí de réir mar a chuireann siad in iúl ar a bhfoirmeacha iarratais. Ní thugtar ach an leagan Gaeilge den pháipéar scrúdaithe (mar réamhshocrú) d’iarrthóirí a thugann le fios sa phróiseas iarratais ar scrúdú go mbeartaíonn siad freagra a thabhairt i nGaeilge. Féadfaidh an Feitheoir an leagan Béarla a thabhairt don iarrthóir freisin ina dhiaidh sin ach é a iarraidh.

 Ach an páipéar a chur ar fáil sa dá theanga, tugtar deis dóibh a sheiceáil gur bhain siad an chiall cheart as aon cheist a gcuirtear orthu trí bhíthin comparáid a dhéanamh leis an gceist ar an bpáipéar sa teanga eile.

 D’fhéadfaí marcanna breise a thabhairt d’iarrthóir a thugann freagra i nGaeilge sa scrúdú scríofa sna hábhair éagsúla, i dteannta na marcanna a gnóthaíodh san ábhar.

Ní bhfaighidh iarrthóirí a thugann cuid den fhreagra i nGaeilge agus cuid eile i mBéarla aon mharcanna breise.

Barr
Roinn