Wednesday, 18 September 2019

Ceisteanna (114)

Catherine Connolly

Ceist:

114. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé sásta leis na struchtúir sa Roinn a bhaineann le hAonaid Ghaeilge dara leibhéal; an bhfuil sé sásta gníomhú chun go gcuirfear struchtúir nua i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37828/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa (Ceist ar Education)

Sa phlean gníomhaíochta don Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 20180-2022, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ina príomheagraíocht don ghníomh maidir le deiseanna a chur ar fáil chun tacú le leathnú an oideachais trí mheán na Gaeilge i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht sa chomhthéacs a bhaineann le 42 scoil nua a bhunú sa tréimhse 2019-2022. I dtaca leis sin, tugtar aird ar sholáthair an oideachais trí mheán na Gaeilge mar chuid den phróiseas nua maidir le pátrúnacht scoile agus Gaelscoileanna á mbunú ag leibhéal na bunscoile agus Gaelcholáistí agus Aonaid Lán-Ghaeilge á mbunú ag leibhéal na hiar-bhunscoile. 

Tar éis an fhógra i mí an Aibreáin 2018 go raibh 42 scoil nua le bunú idir 2019 agus 2022, d'fhorbair mo Roinnse Córas nua um Phróiseáil Phátrúnachta ar Líne, ar córas é a chuireann eolas oibiachtúil ar fáil agus a cheadaíonn do thuismitheoirí a roghanna maidir le pátrúnacht agus teanga teagaisc a léiriú, i.e. Gaeilge nó Béarla, sna scoileanna nua sin.   Tá roghanna na dtuismitheoirí, chomh maith le ceisteanna amhail méid na héagsúlachta a bhaineann leis an soláthar i gceantar (lena n-áirítear an soláthar trí mheán na Gaeilge) thar a bheith tábhachtach sa phróiseas cinnteoireachta agus chun a chinneadh an mbeadh scoil ag leibhéal na hiar-bhunscoile in Gaelcholáiste nó, más scoil í ina ndéanfar an teagasc trí mheán an Bhéarla, an gcuirfí aonad Lán-Ghaeilge nó “Aonad” san áireamh sa scoil.  

Tá líon d’Aonaid Lán-Ghaeilge ag feidhmiú in iar-bhunscoileanna in ndéantar an teagasc trí mheán an Bhéarla ar fud na tíre.  Baineann éagsúlacht le méid na nAonad Lán-Ghaeilge sin ag brath ar chúinsí áitiúla.  Déanann an húdaráis scoile ábhartha bainistiú ar na socruithe maidir le teagasc agus foghlaim na scoláirí in Aonad agus maidir leis na struchtúir eagraíochtúla laistigh den scoil. Tá an méid a thumtar na scoláirí sa Ghaeilge in Aonaid ag brath ar roinnt tosca gaolmhara amhail an tacaíocht ó bhainistíocht na scoile atá mar óstach aige, leibhéal an éilimh ar oideachas trí mheán na Gaeilge, fáil a bheith ar áiseanna cuí sa scoil agus ar mhúinteoirí le saineolas. Tá sé de chead ag údaráis scoile teagmháil a dhéanamh leis na Rannóga ábhartha i mo Roinnse de réir mar is gá maidir leis na haonaid Lán-Ghaeilge sin.

Bhí teagmháil ag mo Roinnse le páirtithe leasmhara i dtaca le hAonaid a fhorbairt agus leanfar de theagmháil den chineál sin.  Cuirfear aon eolas ábhartha a eascróidh as an athbhreithniú ar sholáthar sa dá Aonad atá cheana féin in iar-bhunscoileanna sa Ghaeltacht san áireamh in obair na Roinne i dtaca leis sin.

Maidir le hAonaid Lán-Ghaeilge atá ann cheana féin, más rud é go dtagann méadú ar an rollachán agus ar an aschur ó aon bhunscoileanna Lán-Ghaeilge i gceantar chuig leibhéal ina mbeadh cúis mhaith le haistriú chuig Gaelcholáiste aonair, bheadh an Roinn toilteanach breithniú a dhéanamh ar chás a dhéanfadh pátrún na scoile chun aistriú ó Aonad go dtí Gaelcholáiste.