Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 September 2019

Wednesday, 18 September 2019

Ceisteanna (195)

Catherine Connolly

Ceist:

195. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige an aontaíonn sí gur sárú ar chearta an duine óig é a iarraidh ar dhalta atá chun an scrúdú ardleibhéil mata a dhéanamh i nGaeilge i mí an Mheithimh seo chugainn, i ndiaidh a bheith ag staidéar mata trí Ghaeilge ón gcéad bhliain ar aghaidh i nGaelcholáiste Lú, Dún Dealgan, iompú ar an mBéarla chun an scrúdú sin a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37829/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl scrúduithe stáit faoi chúram mo Roinnese.

Is í an Roinn Oideachais agus Scileanna atá freagrach as scrúduithe stáit. Dá bhrí sin, ba chóir an cheist seo a chur ar mo chomhghleacaí, Joe McHugh TD, An t-Aire Oideachais agus Scileanna.

Barr
Roinn