Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 September 2019

Wednesday, 18 September 2019

Ceisteanna (231)

Catherine Connolly

Ceist:

231. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil tús curtha le féidearthachtaí na n-oileán a mheas agus tosaíochtaí straitéiseacha á gcur chun cinn i gcomhar le pobail na n-oileán sna réimsí cultúrtha, sóisialta agua eacnamaíochta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37939/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá na hoileáin áitrithe mar chuid tábhachtach d’oidhreacht an Stáit agus tá sé mar chuspóir lárnach ag mo Roinn go leanfaidh pobail bhríomhara, inmharthana ag cur fúthu ar na hoileáin. 

D'ainneoin go bhfuil dul chun cinn déanta ag mo Roinn le blianta anuas i dtaobh feabhas a chur ar sheirbhísí rochtana do na hoileáin agus infrastructúr caipital, is gá dul i ngleic leis an dúshlán sin agus féidearthachtaí na n-oileán a mheas agus tosaíochtaí straitéiseacha a chur chun cinn.

Sa chomhthéacs sin, tá cinneadh tógtha agam, le haontú an Rialtais, Coiste Idir-Rannach do na hoileáin a bhunú. Beidh an coiste faoi mo chathaoirleacht mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin agus beidh sé mar aidhm go n-eascróidh polasaí oileánach idir-rannach as obair an choiste.

Is féidir liom a dheimhniú go gcuirfear próiseas cuimsitheach comhairliúcháin ar bun le muintir na n-oileán ionas go mbeidh a dtuairimí curtha faoi bhráid an choiste freisin. 

Tá áthas orm a dheimhniú don Teachta go dtionólfar an chéad cruinniú den choiste nua ar an Mháirt, 24 Meán Fómhair agus go bhfuil cuireadh tugtha d'ionadaithe ó Ranna Stáit ábhartha bheith i láthair ag an gcruinniú úd.

Tá mé muiníneach go gcuirfidh an Choiste seo agus na moltaí a thiocfaidh uaidh go mór le forbairt réimsí cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíochta na n-oileán.

Barr
Roinn