Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na mBóithre Áise

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 September 2019

Thursday, 19 September 2019

Ceisteanna (24)

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

24. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndeimhneoidh sí go mbeidh allúntas á chur ar fáil i mbliana do thograí bóithre Gaeltachta; an ndeimhneoidh sí freisin an mbeidh allúntas ar fáil do bhóithre ar na hoileáin sa bhliain airgeadais reatha agus cén scála ama a bheadh i gceist lena leithéid d’allúntas a cheadú, ag cur san áireamh gurb é seo an 9ú mí den bhliain; an gcuirfidh sí san áireamh maoiniú a chur ar fáil do Bhóithre Áise i meastacháin na bliana seo le haghaidh Bhuiséad 2020; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37661/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Scéimeanna na mBóithre Straitéiseach agus Áise faoi seach, faoina mbíodh cúnamh airgid á chur ar fáil ag an Roinn do na húdaráis áitiúla ábhartha den chuid is mó, chun athchóiriú a dhéanamh ar bhóithre Gaeltachta ar fionraí le tamall de bhlianta anois. Is i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a ndéanfaí aon chinneadh maidir le hathnuachan na Scéimeanna sin – rud nach bhfuil beartaithe a dhéanamh ag an bpointe ama seo. Ach an oiread leis an gcuid eile den tír, is faoi na húdaráis áitiúla ábhartha a bhaineann an fhreagracht maidir le cothabháil bhóithre na gceantar Gaeltachta.

Maidir le bóithre ar na hoileáin, tá an cheist i dtaca le Clár Mionoibreacha 2019 á scrúdú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda i mbliana agus na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin.

Barr
Roinn