I dtús báire, níor mhiste dom a rá go mbíonn plé rialta ag mo Roinn le hÚdarás na Gaeltachta agus go bhfuilim ar an eolas maidir leis na riachtanais airgid atá ag an eagraíocht do 2020 agus, go deimhin, do na blianta beaga eile amach romhainn.
Mar is eol don Teachta, is tríd an phróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a ndéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinn agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go bhfuil an soláthar airgid do na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta don bhliain 2020, á mheas i gcomhthéacs an phróisis sin faoi láthair.
Sin ráite, is féidir leis an Teachta glacadh leis go leanfaidh mé, feadh mo chumais, ag lorg acmhainní breise don Údarás, laistigh den ollsholáthar airgeadais a bheidh ar fáil do mo Roinn ón státchiste.