Tógfaidh mé an cheist seo ar son an Aire Stáit, Teachta Moran. I lár mí Iúil, dhún úinéir na réadmhaoine an limistéar páirceála ag ionad cuairteoirí Dhún Aonghasa ar feadh cúpla lá, mar gheall ar imní árachais, is cosúil. Tar éis roinnt idirbheartaíochta, d’aontaigh Oifig na nOibreacha Poiblí, OPW, téarmaí cheadúnas sealadach leis an úinéar, rud a thug cumas don OPW ceannas a ghlacadh ar an láthair agus é a ath-oscailt le cinntiú go raibh rochtain ag an bpobal le linn tréimhse gnóthach an tsamhraidh déanaigh. Tá sé socraithe freisin ag na buíon go dtabharfaidh siad faoin gceadúnas sealadach seo a aistriú go léas foirmeálta, i ndiadh tuilleadh idirbheartaíochta agus aontú maidir le roinnt ceisteanna áirithe.
Ta sé ar intinn ag an OPW, nuair atá lán-smacht dlíthiúil trí léas fad-téarmach aici, agus le comhaontú an úinéara, oibreacha feabhsúcháin slándála pleanáilte a chur i gcrích laistigh den limistéar páirceála. Tiocfaidh an bóthar isteach, atá i seilbh príobháideach chomh maith - agus áit a bhfuil, dár leis an OPW, roinnt guaiseacha ann faoi láthair - faoi bhráid na n-oibreacha slándála seo chomh maith. Déanfaidh an OPW iarracht, le linn an tógra seo, an imní atá ar roinnt den lucht úsaidte a réiteach agus beartaíonn sí go n-eagrófar comhairliúchán poiblí a thabharfadh deis do chuile pháirtí a dtuaraimí a chur in iúl.