Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ealaín na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2019

Tuesday, 15 October 2019

Ceisteanna (656)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

656. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil an cúram maidir le maoiniú a chur ar fáil do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann á aistriú nó aistrithe ón Roinn go dtí an Chomhairle Ealaíon, nó an bhfuil sé i gceist aici an cúram sin a aistriú chuici; agus más rud é go bhfuil, cén fáth a bhfuil sé seo á dhéanamh [42087/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl aon phleananna ann faoi láthair na socruithe maoinithe i ndáil le Comhaltas Ceoltóirí Éireann a athrú.  Mar aitheantas ar an tábhacht a bhaineann le gach réimse de na healaíona traidisiúnta, leanfaidh mo Roinnse de na bealaí is fearr chun an earnáil seo a neartú, a chaomhnú agus a fhorbairt ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin a phlé leis na páirtithe leasmhara go léir.

Barr
Roinn