Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 October 2019

Thursday, 17 October 2019

Ceisteanna (339)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

339. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuirfear tuilleadh airgid ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, más ga, chun a chinntiú nach mbeidh aon mhoill ar chur chun cinn Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, má fhaightear cead pleanála ina leith; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [42795/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá obair shuntasach ar siúl ag Údarás na Gaeltachta i réiteach na staidéir timpeallachta cuí don togra seo agus táthar ag súil iad sin a fhoilsiú don phobal sna seachtainí seo romhainn. Ag an am céanna, tuigim go bhfuil obair mhór déanta acu ar iarratas pleanála a réiteach don togra a chuimsíonn leagan amach na páirce agus ar nithe ábhartha eile a bheidh ag teastáil chun páirc nuálaíochta mara den scoth a thógáil. In thaobh sin, tuigim go mbeidh ag chumas Údarás na Gaeltacht an t-iarratas pleanála a chur faoi bhráid Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh na Nollag.

Maidir le cúrsaí airgid, cuirfear sonraí maidir leis an tsoláthar a bheidh ar fáil do Údarás na Gaeltachta ar fáil sna Meastacháin Athbhreithnithe do 2020 - a fhoilseofar roimh dheireadh na bliana. In thaobh sin áfach, agus mar a fógraíodh sa Cháináisnéis an tseachtain seo caite, gheobhaidh an tÚdarás leithdháileadh breise caipitil de €1m i 2020 chun an leithdháileadh ar bhun-chaipiteal a thabhairt suas go dtí €10m, méadú de bhreis agus 11% le hais 2019.

Ina theannta sin, beidh teacht ag Údarás na Gaeltachta ar mhaoiniú breise ó chistí éagsúla ón Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta sa chás go dtarlóidh Breatimeacht gan ord gan eagar.

Ar ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas is fearr is féidir leas a bhaint as an soláthar breise sin i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di, lena n-áirítear forbairt Páirc na Mara.

Ar deireadh, ní miste dom a mheabhrú don Teachta, go bhfuil maoiniú caipitil de €2m faighte ag togra gaolmhar do Pháirc na Mara cheanna féin, MICD Páirc na Mara, comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Mhaigh Eo, chun ionad nuálaíochta agus forbartha mara a fhorbairt ar Pháirc na Mara. Is faoin gCiste Forbartha Réigiúnach a ceadaíodh an tacaíocht sin i 2019.

Barr
Roinn