Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Curaclam Scoile

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 October 2019

Thursday, 17 October 2019

Ceisteanna (52)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

52. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach bhfuil sé chun ábhar éigeantach a dhéanamh athuair den stair i gcomhair an Teastais Shóisearaigh, agus cad iad a thuairimí ar an ábhar sin. [41408/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I mí na Samhna na bliana anuraidh d'iarr mé ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) athbhreithniú a dhéanamh ar an stair a bheith ina hábhar roghnach faoin gCreat nua don tSraith Shóisearach. D'iarr mé freisin ar CNCM a fháil amach cén tslí is fearr chun staidéar ar an stair inár scoileanna a chur chun cinn.  Fuair mé tuarascáil chomhairleach CNCM i mí Iúil na bliana seo agus táim fíorbhuíoch don chomhairle as an obair atá déanta aici.

Rinne mé machnamh cúramach ar thuarascáil CNCM, ina gcuirtear in iúl go soiléir go soláthraítear leis an tsonraíocht nua don Stair faoin gCreat don tSraith Shóisearach bealach níos fearr chun an Stair a mhúineadh agus a fhoghlaim ná mar a bhíodh ann roimhe seo. Cé go bhfuil a fhios agam go bhfuil an t-ábhar le hathbhreithniú i gceann dhá bhliain, tá fonn orm, áfach, beart a dhéanamh anois chun a chinntiú nach dtagann aon laghdú ar líon na ndaltaí atá ag déanamh staidéir ar an Stair.  Sin an fáth ar fhógair mé le gairid go bhfuil stádas lárnach speisialta le bheith ag an Stair i gcuraclam na Sraithe Sóisearaí.

Beidh mé ag iarraidh tacaíochta ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta chun a fháil amach conas is fearr is féidir é sin a bhaint amach. Táim ag dúil go mbeidh na socruithe lena ndéantar foráil do stádas lárnach speisialta i leith an ábhair i bhfeidhm ag tús na chéad scoilbhliana eile, le go mbeadh feidhm aige i gcás na ndaltaí a bheidh ag tosú ar an tSraith Shóisearach ag an am sin.

Barr
Roinn