Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Tríú Leibhéal

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 October 2019

Thursday, 17 October 2019

Ceisteanna (59)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

59. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé chun aon athrú a dhéanamh ar an éagóir atá i gceist maidir leis na táillí suntasacha is gá d’ábhair múinteoirí a íoc as an gcoicís éigeantach a chaitheann said sa Ghaeltacht mar chuid den chúrsa bunmhúinteoireachta i mbliain a haon agus i mbliain a trí den chúrsa, agus an bhfuil sé i gceist aige an táille a ísliú nó deireadh a chur léi. [41407/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Rinneadh an cinneadh le deontais do shocrúcháin Ghaeltachta a stopadh le linn na géarchéime eacnamaíochta nuair a bhí gá, ar an drochuair, le cinntí an-deacair a dhéanamh chun airgead an náisiúin a chobhsú. Mar sin féin, thuig mé go maith an dúshlán atá ann do mhic léinn i dtaca le costas an tsocrúcháin.

Tá áthas orm, mar sin, go n-áirítear le Cáinfhaisnéis 2020 tiomantas chun an deontas Gaeltachta a chur ar ais do mhic léinn i gcláir oiliúna tosaigh múinteoirí atá maoinithe ag an Stát. Beidh feidhm leis an mbeart ón mbliain acadúil 2020/2021.

Bainfidh mic léinn fochéime agus mic léinn iarchéime araon tairbhe as an mbeart, a chosnóidh €1.8 milliún in aghaidh na bliana, meastar.

Tá an socrúchán Gaeltachta an-tábhachtach mar eispéireas tumtha Gaeilge do mhúinteoirí faoi oiliúint. Cuireann sé feabhas ar a gcumas cumarsáide sa Ghaeilge, i gcomhthéacs an róil a bheidh acu amach anseo mar mhúinteoirí Gaeilge agus ábhair eile trí Ghaeilge. Cuireann sé feabhas freisin ar a dtuiscint ar shaol agus cultúr sa Ghaeltacht agus ar an saol mar atá i bpobail dhátheangacha. Is chuige sin a chinn an Chomhairle Mhúinteoireachta go mbeadh an socrúchán riachtanach sa chaoi is go bhféadfadh na múinteoirí faoi oiliúint go léir ar leibhéal na bunscoile cáiliú.

Bainfidh thart ar 2,400 múinteoir faoi oiliúint tairbhe as an mbeart seo sa chéad bhliain.

Barr
Roinn