Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Riachtanas Speisialta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 October 2019

Thursday, 24 October 2019

Ceisteanna (106)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

106. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an mbaineann an ciorclán a foilsíodh le gairid maidir le díolúine ón nGaeilge a fhoghlaim le ranganna speisialta i scoileanna Gaeltachta agus leis an scoil speisialta i nGaeltacht Chonamara; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44013/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Leagtar amach i gciorcláin 52/2019 agus 53/2019 maidir le díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge gur maidir le scoileanna lán-Bhéarla amháin a bheidh feidhm ag na socruithe athbhreithnithe agus, dá bhrí sin, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge maidir le scoileanna a bhfuil Gaeilge ar an teanga teagaisc iontu.   

I gcás go bhfuil ag daltaí cheana féin aon díolúintí a deonaíodh faoi théarmaí na gciorclán roimhe, beidh feidhm ag na díolúintí sin fós go dtí go mbeidh a n-oideachas iar-bhunscoile curtha i gcrích ag na daltaí.

Barr
Roinn