Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 November 2019

Wednesday, 6 November 2019

Ceisteanna (23)

Aindrias Moynihan

Ceist:

23. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén soláthar airgid a cuireadh ar fáil i mbuiséad 2020 d’Údarás na Gaeltachta, briste síos idir soláthar caipitil agus soláthar reatha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45776/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Tá ról an-tábhachtach ag Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí fostaíochta, forbartha pobail, cultúrtha agus teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht. In ainneoin go bhfuil pleananna cuimsitheacha ag lucht an údaráis le fada an lá, braithim i gcónaí go bhfuil siad srianta de bharr easpa maoinithe. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil go leor maoinithe á chur ar fáil don údarás? An féidir leis léiriú go díreach cad atá in aigne aige? Cén saghas maoiniú breise a chuirfear ar fáil le haghaidh Údarás na Gaeltachta agus, go háirithe, pobal na Gaeltachta? An féidir iad a scaoileadh chun pleananna a fhorbairt?

Mar is eol don Teachta, fógraíodh i mbuiséad 2020 go mbeidh ardú €1 mhilliún á chur ar fáil do chiste caipitil Údarás na Gaeltachta in 2020. Fágfaidh sé seo go mbeidh ciste €10 milliún ar fáil don eagraíocht, nó ardú de thart ar 11% ar an méid atá acu i mbliana. Chomh maith leis sin, cuirfear €200,000 breise in airgead reatha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta don bhliain seo chugainn le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Mar a luaigh mé leis an Teachta Ó Snodaigh, is ionann é seo agus ardú 25% le trí bliana anuas ar an gciste seo. Fágann sé sin go mbeidh soláthar iomlán de €4.05 mhilliún ar fáil don údarás in 2020 le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ina theannta sin, beidh teacht ag Údarás na Gaeltachta ar chiste faoi leith sa chás go dtarlóidh Breatimeacht gan socrú. Is fiú dom a mheabhrú go mbeidh soláthar de €9.602 milliún san iomlán ar fáil don eagraíocht in 2020 le haghaidh cúrsaí riaracháin. Ar ndóigh, ní gá dom a rá go bhfuil obair den scoth á déanamh ag Údarás na Gaeltachta chun an clár oibre atá idir lámha acu a chur ar siúl. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 589 post a chruthú in 2018 agus go raibh 122 duine breise fostaithe i gcuideachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Bhí 7,625 post i gcliantchuideachtaí an údaráis ag deireadh na bliana sin. Ag cur gach rud san áireamh, táim sásta go mbeidh sé ar chumas na heagraíochta leanúint orthu agus a chlár oibre a chur i bhfeidhm go rathúil in 2020 ar leas na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Meallann Údarás na Gaeltachta fostaíocht agus infheistíocht chuig na ceantair Ghaeltachta. Níl aon dabht go mbíonn tairbhe ag baint le hiarrachtaí an údaráis, go háirithe do phobal na Gaeltachta, nuair a éiríonn leo a leithéid a dhéanamh. Braitear i gcónaí go bhfuil srianta ar an údarás toisc nach bhfuil go leor airgid acu. Cén fáth nach raibh ach ardú de €1 milliún i gceist i mbliana, ós rud é go raibh éileamh i bhfad níos mó ann? D'fhéadfadh an t-údarás i bhfad níos mó a dhéanamh faoi na pleananna atá acu dá scaoilfí ar aghaidh iad agus breis maoinithe ar fáil dóibh. Tuigim go bhfuil ardú ann i mbliana, ach nuair a bhreathnaímid ar an bhfás atá tagtha ar an maoiniú le haghaidh eagrais cosúil le Enterprise Ireland agus IDA Ireland, caithfear a cheistiú an bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag muintir na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. An bhfuil an t-ardú céanna i gceist i gcás an údaráis agus i gcás na heagrais eile? Cén fáth nach bhfuil ach €1 milliún ann i mbliana, in ainneoin is go raibh éileamh ann ar níos mó? Beidh deis againn athbhreithniú a dhéanamh ar na Meastacháin níos déanaí i mbliana. Bainfidh sé sin le caiteachas nach bhfuil críochnaithe. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit airgead a threorú isteach chuig an údarás agus chuig cúrsaí Gaelainne agus Gaeltachta, go háirithe ós rud é go bhfuil dhá oiread an mhéid airgid á chur ar fáil i gcomhair na healaíon i gcomparáid le cúrsaí na Gaeltachta?

Aontaím leis an Teachta go bhfuil ról fíorthábhachtach ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh poist a chruthú i gceantair iargúlta na Gaeltachta trasna na tíre. Bím ag lorg breis airgid don údarás i gcónaí. Le linn mo dhá thréimhse mar Aire Stáit na Gaeltachta, bhí sé ar mo chumas breis airgid a chur ar fáil don údarás sa bhuiséad lárnach nó san athbhreithniú ar an mbuiséad roimh dheireadh na bliana. Bhíomar in ann €1 milliún breise a chur ar fáil i mbliana. Ardú de 11% sa bhuiséad a bhí i gceist. Bhí ardú iomlán de 4% i mo rannóg féin sa bhuiséad a fógraíodh an mhí seo caite. Bíonn breis airgid á lorg againn i gcónaí. Tá a fhios agam go bhfuil ról tábhachtach ag an údarás. Beidh mé ag lorg breis airgid sna blianta amach romhainn.

An dóigh leis an Aire Stáit go bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag an nGaeilge, mar theanga, agus ag an údarás i gcomhthéacs na slí ina bhfuil an t-airgead a threorú? Cé go bhfuil fás tagtha ar an gciste, laistigh de rannóg an Aire Stáit tá dhá oiread an méid airgid imithe go dtí an Chomhairle Ealaíon, mar shampla. Molaim an maoiniú iontach atá bainte amach ag an gcomhairle. Cén fáth nach bhfuil ach leath den mhaoiniú sin - €2.4 milliún - ar fáil do chúrsaí Gaelainne agus Gaeltachta? Tá an sciar den chiste iomlán a fhaigheann grúpaí eile, cosúil le Enterprise Ireland agus IDA Ireland, luaite agam. An bhfuil an ráta fáis a bhaineann leis an maoiniú a fhaigheann na heagrais sin cosúil leis an ráta fáis a bhaineann leis an maoiniú a fhaigheann Údarás na Gaeltachta? Ba chóir go mbeadh deis ag lucht an údaráis a gcuid oibre a dhéanamh gan na srianta seo. Ba mhaith leo brú ar aghaidh le tograí móra ar fud na tíre, ina measc Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne i mo cheantar féin. Caithfear a chinntiú go bhfaighidh cúrsaí Gaelainne agus Gaeltachta cothrom na Féinne. An dóigh leis an Aire Stáit go bhfuil a leithéid á fháil faoi láthair, nuair atá an ráta fáis i gcás mhaoiniú na n-eagras atá luaite agam curtha i gcomparáid leis an ráta fáis i gcás mhaoiniú Údarás na Gaeltachta?

Ba cheart dúinn an chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus, mar shampla, an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a thógáil san áireamh freisin. Tá airgead caipitil curtha ar fáil le haghaidh Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara, mar shampla, ó chiste an Aire, an Teachta Humphreys. Tá an chomhpháirtíocht idir an t-údarás agus na heagraíochtaí Stáit agus Ranna Stáit eile fíorthábhachtach. Tá an t-airgead caipitil sin ar fáil don údarás agus tograí an údaráis. Tá jab iontach á dhéanamh ag lucht an údaráis. Tá ainm an-mhaith ag Údarás na Gaeltachta. Tá an t-údarás ag obair go maith le heagraíochtaí Stáit eile. Tá sé ar chumas an údaráis cur isteach ar scéimeanna eile tríd an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh. Tá airgead ag an údarás chun poist a chruthú sna ceantair fíorthábhachtacha seo. Tá sár-jab á dhéanamh ag an údarás sa chomhthéacs seo.

Barr
Roinn