Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Aerfoirt Réigiúnacha

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 November 2019

Wednesday, 6 November 2019

Ceisteanna (43)

Catherine Connolly

Ceist:

43. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le ceannach Aerfort na Mine i gContae na Gaillimhe, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcás gnó a mheas; cad iad na céimeanna atá glactha agus atá le glacadh go fóill; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45411/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an praghas chun Aerfort Chonamara a cheannach aontaithe idir mo Roinn agus Galway Aviation Services Ltd (ag trádáil mar Aer Árann) le tamall. Tar éis an praghas seo a bheith aontaithe, d'fhostaigh mo Roinn comhlacht le saineolas san earnáil eitlíochta chun an cás gnó a ullmhú i ndáil le riachtanais an Chóid Chaiteachais Poiblí a chomhlíonadh. Tá an cás gnó sin faighte ag mo Roinn agus tá na céimeanna chuí á dtógáil anois chun na ceadanna éagsúla a fháil ar mhaithe leis an aerfort a cheannach.

Ach gach rud a bheith in ord, táthar ag súil leis an bpróiseas seo a bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana.

Barr
Roinn