Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 November 2019

Wednesday, 6 November 2019

Ceisteanna (62)

Aindrias Moynihan

Ceist:

62. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén teagmháil a bhí aici leis an Aire Oideachais agus Scileanna nó leis an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaobh na n-athruithe ar an díolúine ón nGaelainn sna scoileanna; cén éifeacht a bheadh ag an gcéanna ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45418/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is faoin Aire Oideachais agus Scileanna amháin atá sé na critéir a leagan síos maidir le díolúine ó staidéar na Gaeilge.

Is straitéis thras-Rialtais í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a bhfuil an fhreagracht ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i ndáil lena feidhmiú a chomhordú i gcomhar le páirtithe leasamhara. Níl aon ról, dá réir, agamsa mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin maidir leis an ábhar.

Chuaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhairle le mo Roinn sa ghnáth bhealach i dtaca leis an gceist seo, mar a rinneadh leis na ranna Rialtais go léir, tríd Mheamran don Rialtas i mí na Samhna 2018.

Barr
Roinn