Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú d’Fhoras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 December 2019

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna (28)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

28. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta míniú a thabhairt ar chaiteachas na Roinne ar Chlár na Leabhar Gaeilge agus a mbaineann leis trí Fhoras na Gaeilge. [51910/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I dtosach báire, ba mhaith liom a mheabhrú go mbaineann saincheisteanna maidir le scéimeanna Chlár na Leabhar Gaelge le gnóthaí oibríochtúla Fhoras na Gaeilge agus, dá bharr sin, níl ról sonrach agam féin mar Aire Stáit ná ag mo Roinn i gclár oibre Chlár na Leabhar Gaeilge.

Cuireann mo Roinn maoiniú bliantúil ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le Clár na Leabhar Gaeilge. Ceadaíodh maoiniú €1,061,165 in 2019.

Is é misean Chlár na Leabhar Gaeilge ná scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn agus déantar sin trí na scéimeanna seo leanas a chuirtear chun cinn:-

Scéim na Foilsitheoireachta

Faoi Scéim na Foilsitheoireachta, cuirtear tacaíocht maoinithe ar fáil d’fhoilsitheoirí na Gaeilge sna réimsí táirgeachta, forbartha agus margaíochta bunaithe ar phlean cuimsitheach bliana a bheith curtha ar fáil acu. De thoradh an mhaoinithe:

- cinntítear saothair Gaeilge ar ard-chaighdeán a bheith ar fáil don phobal agus do léitheoirí Gaeilge i ngach aois-ghrúpa;

- foilsítear 90-100 leabhar in aghaidh na bliana i réimse leathan seánraí; agus,

- foilsítear leabhair i bhormáidí difriúla – leabhair chlóite, closleabhair agus ríomhleabhair .

Scéim na gCoimisiún

Is é aidhm na scéime seo ná ciste coimisiúnaithe a dháileadh i measc lucht liteartha na Gaeilge sa chaoi is go gcinnteofar soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta. Dáiltear an ciste coimisiúnaithe trí na comhlachtaí foilsitheoireachta. Cuirtear an scéim chun cinn de ghnáth gach dara bliain. Bronntar idir 15 agus 20 coimisiún faoin scéim agus bítear ansin ag súil go bhfoilseofaí saothair de thoradh na gcoimisiún sin.

An Scéim Meantóireacht

Is é aidhm na scéime seo deis a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta. Cuirtear an scéim seo chun cinn gach dara bliain. Maoinítear suas le 10 bprintíseacht faoin scéim. Mar thoradh ar na printíseachtaí seo bítear ag súil le húdair nua a theacht chun cinn.

Scéim na dTionscadail Litríochta

Is é aidhm Scéim na dTionscadail Litríochta aird an phobail a dhíriú ar leabhair Ghaeilge agus ar litríocht na Gaeilge. Cuirtear litríocht na Gaeilge agus leabhair Ghaeilge chun cinn ar bhealaí éagsúla tríd na tionscadail litríochta mar a mbíonn:

- Léimh le húdair agus léimh fhilíochta;

- Tionscadail a chuimsíonn ceol agus damhsa chun aird an phobal a dhíriú ar litríocht na Gaeilge;

- Clubleabhar ar líne agus fóram plé faoi leabhair Ghaeilge; agus,

- Léirmheas ar leabhair léite agus blagáil faoin litríocht i measc daltaí meánscoile

Scríobh Leabhar

Is tionscadal é Scríobh Leabhar le scríbhneoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chothú i measc páistí bunscoile. Cuirtear an tionscadal chun cinn tríd na hIonaid Oideachais agus an tÁisaonad ó thuaidh. Bíonn thart fá 8,000 páiste páirteach sa tionscadal gach bliain agus 5,000 leabhar scríofa, deartha agus clóite. Tá rogha de na leabhair ar suíomh www.scriobhleabhar.ie.

Barr
Roinn