Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 December 2019

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna (3)

Dara Calleary

Ceist:

3. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén soláthar airgeadais a cuireadh ar fáil d’Údarás na Gaeltachta don bhliain 2020; an ndéanfar socrú maidir le toghcháin dhíreacha do bhord Údarás na Gaeltachta a aisiriú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [52286/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (7 píosaí cainte)

Is mí an-tábhachtach an mhí seo mar táimid ag comóradh an chéad toghchán díreach do bhord Údarás na Gaeltachta, a tharla 40 bliain ó shin. Is mí thábhachtach í don Ghaeltacht freisin mar gheall ar cháinaisnéis an údaráis. Tá a fhios agam go raibh ardú beag faighte tar éis na gearáin mhóra a rinneadh le deich mbliana anuas. Táimid ag iarraidh cáinaisnéis an údaráis agus toghchán díreach go dtí a bhord nua a phlé.

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Dírím a aird ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 23 ar 6 Samhain 2019 maidir le maoiniú Údarás na Gaeltachta. Mar a thug mé le fios san fhreagra sin, fógraíodh i mbuiséad 2020 go mbeidh ardú de €1 mhilliún á chur ar fáil do chiste caipitil Údarás na Gaeltachta in 2020. Fágfaidh sé seo go mbeidh ciste de €10 milliún ar fáil don eagraíocht. Is ionann sin agus méadú de bhreis agus 11% le hais an tsoláthair atá ann sa bhliain reatha.

Chomh maith leis sin, cuirfear €200,000 breise in airgead reatha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta don bhliain seo chugainn le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus na comharchumainn Ghaeltachta. Is ionann seo agus ardú 25% le trí bliana anuas ar an gciste seo. Fágann sé sin go mbeidh soláthar iomlán de €4.05 mhilliún ar fáil don údarás in 2020 le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus ar na comharchumainn Ghaeltachta. Ina theannta sin, beidh teacht ag Údarás na Gaeltachta ar chiste faoi leith sa chás go dtarlóidh Breatimeacht gan ord gan eagar. Sa bhreis air sin ar fad, beidh soláthar €9.602 milliún san iomlán ar fáil don eagraíocht in 2020 le haghaidh costais riaracháin a chlúdach. Beidh na sonraí iomlán maidir le soláthar Údarás na Gaeltachta ar fáil sna Meastacháin Athbhreithnithe do 2020 a fhoilseofar roimh dheireadh na bliana.

Maidir le toghcháin díreach do bhord Údarás na Gaeltachta, faoin socrú a tháinig i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá bord reatha Údarás na Gaeltachta, a ceapadh anuraidh, comhdhéanta de chúigear comhalta a d'ainmnigh na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu chomh maith le seachtar comhalta eile a roghnaíodh bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraíodh faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Cinntíonn an córas reatha seo faoina gceaptar ionadaíocht na húdaráis áitiúla go mbíonn bunús daonlathach le bord Údarás na Gaeltachta agus cinntíonn ceapacháin na seachtar comhalta eile go bhfuil daoine leis an saineolas agus na scileanna ábhartha cuí á roghnú don chúram - rud atá ar leas foriomlán an údaráis agus an phobail a ndéanann sé freastal air mar fhoras Stáit.

Is fiú dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil roinnt inniúlachtaí caighdeánacha ann a aithnítear a bheith tábhachtach sa lá atá inniu ann chun a bheith mar chomhalta ar bhord Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta. San áireamh anseo, tá dearcadh straitéiseach anailíse, obair foirne, cion tairbhe agus iarracht, agus cumarsáid agus tuiscint ar chúrsaí airgeadais. Is ionann go deimhin an líon reatha comhaltaí atá ar an mbord faoin gcur chuige reatha agus an líon comhaltaí a mholtar, de réir taighde idirnáisiúnta, ar chóir a bheith ar bhord den chineál atá i gceist le hÚdarás na Gaeltachta.

I bhfianaise seo uile, ní léir dom go bhfuil cúis ann go ndéanfaí aon athrú ar an gcur chuige reatha maidir le struchtúr an bhoird, a thagann go hiomlán go deimhin le treoirlínte an Rialtais maidir le ceapacháin do bhoird Stáit.

Aontaím go bhfuil an dá rud ceangailte. Gabhaim buíochas le gach duine a bhí ina bhall nó ina ball de bhord an údaráis nó a d'oibrigh don údarás le linn an 40 bliain. Tá poitéinseal iontach ag an údarás ach tá sé soiléir nach dtuigeann an Rialtas an poitéinseal sin. Deich mbliana ó shin, bhí €15 mhilliún ag an údarás gach bliain. Níl an méid sin aige anois, fiú leis an €1 mhilliún breise. Caithfidh mé a rá gur oibrigh an tAire Stáit go crua chun an €1 mhilliún sin a fháil. I gcomhthéacs an phoitéinsil atá ann agus an t-airgead a tugtar d'Fhiontar Éireann agus IDA Ireland, níl a dhóthain airgid ag dul go dtí an t-údarás chun an jab a dhéanamh, jab atá an-tábhachtach do cheantair Ghaeltachta. Tá an easpa airgid sin ceangailte leis an easpa toghchán díreacha. Tá difríocht mhór idir duine a bheith ainmnithe chun a bheith ar bhord agus duine a bheith tofa. Tá muinín ag daoine i ndaoine tofa. Beidh díospóireacht sna Gaeltachtaí faoi chúrsaí a bhaineann leis an údarás. Ba chóir don díospóireacht sin a tharlú. Tá faitíos ar Fhine Gael roimh dhíospóireacht sna ceantair Ghaeltachta faoi cháinaisnéis agus poitéinseal an údaráis. Ba cheart go mbeidh toghcháin ann. Bheadh díospóireacht ann leis na toghcháin sin.

Ní aontaím go bhfuil ceangal ann idir buiséad an údaráis agus toghcháin chuig bord an údaráis. Mar Aire Stáit, déanaim iarracht breis airgid a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta nuair atá sé ann. Gabhaim buíochas do mo chomhghleacaí, an tAire, Teachta Madigan, as ucht an tacaíocht a bhfuair mé uaithi i gcomhair bhuiséad 2020. Ní aontaím go bhfuil an ceangal sin ann. Tá gach uile Aire riamh ag lorg níos mó airgid do bhord an údaráis agus do gach uile eagraíocht eile. Is é sin an chaoi ina n-oibríonn cúrsaí. Bíonn gach uile Aire agus gach uile Rialtas ag lorg breis airgid. Bhí muid in ann breis airgid a chur ar fáil. Tá ardú de 11% ar an maoiniú d'Údarás na Gaeltachta i mbliana. Tá an ceart ag an Teachta go raibh buiséad mór ag an údarás i rith an Celtic tiger ach bhí laghdú ann ó €25 milliún, go €16 mhilliún, agus go €10 milliún nó €9 milliún nuair a bhí Fianna Fáil sa rialtas. Bhí an laghdú sin ann mar gheall ar an drochgheilleagar a bhí againn sa Stát.

Bhíomar in ann cur leis an mbuiséad caipitil don údarás ar feadh cúpla bliain anuas.

Léiríonn sé sin nach raibh an t-airgead ann. Chuir muid an t-airgead go dtí an t-údarás agus bhain sé úsáid as. Níor chuir an Rialtas an t-airgead go dtí an t-údarás. Tá siad ceangailte. Dá mba rud é go raibh an Rialtas faoi bhrú sna ceantair Ghaeltachta, agus dá mbeadh toghcháin agus díospóireacht ann, bheadh i bhfad níos mó airgid ag dul go dtí an t-údarás toisc go mbeadh an Rialtas faoi bhrú polaitiúil. Níl aon bhrú ann faoi láthair toisc go n-ainmnítear comhaltaí ag an Aire nó ag an gcomhairle áitiúil. Tá a fhios ag an Aire Stáit go raibh an t-údarás ag iarraidh i bhfad níos mó airgid, agus airgead caipitil ach go háirithe, mar tá sé faoi bhrú. Tá foirgnimh ag éirí sean. Caithfear athrú a dhéanamh maidir le cúrsaí meán cumarsáide agus cúrsaí teicniúla. Ba cheart go mbeadh go leor airgid ann chun é sin a dhéanamh. Bhí lá iontach againn in oifig an Aire Stáit le gteic a chur ar an mbóthar. Léiríonn gteic cé chomh tábhachtach is atá an t-údarás agus an jab a dhéanann sé nuair atá an t-airgead aige. Ba cheart go mbeidh gteic i ngach ceantar Gaeltachta ach ní bheidh mar níl an t-airgead ag an údarás. Tá a lán projects eile a mbeidh an t-údarás in ann a dhéanamh chun daoine a choimeád sa Ghaeltacht, chun obair a chur ar fáil dóibh agus chun iad a fhostú dá mbeadh an t-airgead aige.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil an-phoitéinseal ag an údarás. Tá a fhios ag chuile dhuine go bhfuil sé ag lorg breis airgid chaipitil. Táimid ag déanamh chuile iarracht breis airgid a chur ar fáil. Bhí muid in ann €1 mhilliún breise a chur ar fáil i mbuiséad 2020. Tá comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Fuair Údarás na Gaeltachta airgead ó choiste athghiniúna na Roinne sin. Is é sin an chaoi ina raibh sé in ann infheistíocht a dhéanamh i gteic sa Spidéal, mar shampla. Tá an-phleananna aige chun moil gteic a oscailt trasna na tíre. Bhí muid i mBaile Átha an Ghaorthaidh chun mol gteic a oscailt ansin. Tá a fhios againn go bhfuil pleananna eile ag an údarás chun moil gteic a bhunú trasna na tíre, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh. Tá an-obair á déanamh ag an údarás laistigh den bhuiséad atá aige ach aontaím leis an Teachta go bhfuil an-phoitéinseal aige agus go bhfuil sé ag lorg níos mó airgid. Beidh mé ag cur brú ar mo chomhghleacaithe chun breis airgid a fháil.

Barr
Roinn