Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 December 2019

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna (7)

Aindrias Moynihan

Ceist:

7. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad oifigigh óige atá ag freastal ar na ceantair Ghaeltachta éagsúla; an bhfuil siad lánaimseartha nó páirtaimseartha; an bhfuil folúntais ann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [52144/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (7 píosaí cainte)

Tá ról an-tábhachtach ag oifigigh óige i ngach pobal ar fud na tíre. Sna Gaeltachtaí, tá ról breise acu toisc go bhfuil teanga agus cultúr le tabhairt chun cinn chun glúine nua. Mar sin, teastaíonn uaim a chinntiú go bhfuil oifigeach óige ar fáil sna pobail Ghaeltachta éagsúla go léir ar fud na tíre agus go bhfuil an córas ag feidhmiú.

Is Óige na Gaeltachta, faoi chúram Mhuintearas Teoranta, an eagraíocht a dhéanann forbairt ar sheirbhísí agus iad a chur chun cinn, trí mheán na Gaeilge, do dhaoine óga sa Ghaeltacht. Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Muintearas teoranta. Sa chomhthéacs sin, tá Óige na Gaeltachta tiomanta chun réimse leathan seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do chlubanna óige, do ghrúpaí pobal agus d'eagraíochtaí deonacha a sholáthraíonn seirbhísí tábhachtacha do dhaoine óga sa Ghaeltacht. Ceann de bhunaidhmeanna Óige na Gaeltachta ná seirbhísí óige pobalbhunaithe atá dírithe ar pháistí idir seacht agus 18 a fheabhsú, agus úsáid na Gaeilge sna heagraíochtaí seo a chur chun cinn agus a mhéadú.

Ina thaobh sin, tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil bainisteoir óige lánaimseartha ag Óige na Gaeltachta, lonnaithe i gceanncheathrú Mhuintearas teoranta i dTír an Fhia, Contae na Gaillimhe. Ina theannta sin, tá oifigeach forbartha óige lánaimseartha lonnaithe ar an láthair chéanna, a fheidhmíonn i gceantair Chonnacht agus Laighean. Tuigim go bhfuil oifigeach forbartha óige lánaimseartha a fhreastalaíonn ar Dhún na nGall fostaithe ó mhí Lúnasa 2019, atá lonnaithe in oifig Mhuintearais i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall. Maidir le cúige Mumhan, tá oifigeach forbartha óige lánaimseartha fostaithe ó mhí na Samhna 2019, atá lonnaithe in oifigí Údarás na Gaeltachta i mBaile Mhic Íre, Maigh Chromtha, Contae Chorcaí.

Mar sin, tá bainisteoir amháin agus triúr oifigeach forbartha óige lánaimseartha fostaithe ag Óige na Gaeltachta. Tá cúigear oifigeach forbartha óige páirtaimseartha fostaithe ag an eagraíocht freisin - ceathrar lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe agus duine amháin i nGaeltacht Dhún na nGall. Níl dabht ach go bhfuil forbairt mhór déanta ag Óige na Gaeltachta le tamall anuas ag forbairt clubanna óige, agus tá líon na gclubanna sin tar éis méadú ó 37 go 43, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Údarás na Gaeltachta.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá sé soiléir ó na figiúirí sin go bhfuil bearnaí ann agus nach bhfreastalaítear ar phobail áirithe, mar iad siúd i gContae na Mí nó Contae Mhaigh Eo. Is léir go mbeidh brú ollmhór ar phé duine a fhreastalaíonn ar chúige Mhumhan, agus iad ag déileáil le gach rud idir Phort Láirge, Chiarraí agus Chontae an Chláir. Is ceantar mór fairsing é, agus is ceantar ollmhór é Dún na nGall freisin. Tá ról an-tábhachtach ag na daoine seo agus tá sé an-tábhachtach go bhfuil a ndóthain daoine ann agus foireann ar fáil chun freastal ar na pobail éagsúla.

Cloisimid i gcónaí go bhfuil Muintearas teoranta ag cur brú ar an údarás maidir le maoiniú. An bhfuil an tAire Stáit tar éis féachaint ar na figiúirí sin agus an bhfuil sé sásta go bhfuil go leor airgid ann? Ní bhfuair Údarás na Gaeltachta ach ardú beag i mbliana i gcomhair cúrsaí reatha. An bhfuil srian ann, nó an féidir an maoiniú sin a scaoileadh chun freastal ar na pobail Ghaeltachta ar fad ar fud na tíre?

Tá dul chun cinn suntasach déanta agus mar a luaigh mé, tá cuid de na bearnaí líonta le cúpla mí anuas, ceantar an Teachta i gCorcaigh ina measc. Tá scéimeanna eile ar fáil agus tá ciste eile ag an Roinn chun tacú le cúrsaí óige agus daoine óga. Tá €7.37 milliún ar fáil in 2020 chun caitheamh ar thograí reatha, mar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, scéim na gcúntóirí teanga, scéim na gcampaí samhraidh, agus cúnamh d’eagraíochtaí eile Gaeltachta mar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Coláiste UISCE, agus Oideas Gael. Ritheann mo Roinn a lán scéimeanna eile chun feidhmiú ar dhaoine óga agus cabhrú leo. Tá mé sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus go bhfuil cuid de na bearnaí líonta le cúpla mí anuas.

Fáiltím go bhfuil oifigeach roghnaithe agus tosaithe i gcúige Mumhan. Guímis gach deá-rath ar an obair agus go n-éireoidh go geal léi. Tá jab mór gnóthach amach roimpi.

Tá bearnaí sa chóras. Pléann Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán leis na coistí pobail ar fud na tíre, agus arís agus arís eile tagann an cheist chun cinn maidir le riachtanais i gcomhair freastal ar phobail óige. Caithfear rudaí cosúil le hionaid bualadh isteach agus a leithéid a chur ar fáil sna ceantair éagsúla. Chun a leithéid de rud a chur i bhfeidhm, theastódh duine lánaimseartha sna ceantair éagsúla chun freastal ar na pobail sin. Níl aon oifigeach ainmnithe do phobail áirithe go fóill, agus tá bearnaí ann fós. Caithfear cinntiú go mbeidh oifigeach óige ar fáil do na pobail Ghaeltachta ar fud na tíre. Ní hamháin an freastal ar dhaoine óga atá i gceist, ach an obair bhreise ó thaobh cultúr agus teanga a thabhairt chun cinn chomh maith. Níor chóir scaoileadh leis an bhfreagracht sin.

Chuir muid acmhainní breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le cúpla bliain anuas agus tá sé suas don údarás é sin a roinnt amach do na heagraíochtaí, mar Mhuintearas teoranta, atá ag freastal ar chúrsaí óige trasna na tíre. Déanfaidh an t-údarás cinneadh ó thaobh chuile Ghaeltacht.

Chuir an Teachta fáilte roimh an mhéid atá déanta i mbliana. Tá súil agam go bhfuil pleananna ag Muintearas teoranta breathnú ar na Gaeltachtaí eile, i Maigh Eo agus i gContae na Mí, an bhliain seo chugainn, nó go bhfuil pleananna aige chun na bearnaí sin a líonadh síos an bóthar. Tá dul chun cinn déanta le cúpla bliain anuas agus tá acmhainní curtha ar fáil ó thaobh rudaí eile i gcúrsaí na hóige. Tá mo Roinn ag cur seirbhísí ar fáil tríd an Údarás, Muintearas teoranta, agus trí na scéimeanna a ritheann siad.

We have done seven questions at six and a half minutes each, taking just over 45 minutes. We are 12 minutes behind schedule, because some Members refuse to accept the time constraints. Two Deputies will not have their pertinent and relevant questions answered because of that. I appeal to Deputies to follow procedure. They have 30 seconds to introduce their questions and the Minister has two minutes to reply. Deputies have one minute for a supplementary question, and the Minister also has one minute. There is then a final minute for another supplementary question, and a final minute for the Minister. The last thing I want to do is interrupt people, but we must be fair to all Members.

Question No. 8 replied to with Written Answers.
Barr
Roinn