Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Soláthar Iompar Scoile

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 December 2019

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna (89)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

89. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé sásta ticéid taistil scoile a cheadú do scoláirí ó scoil (sonraí tugtha) le dul ar bhus poiblí Bhus Éireann tar éis 5.00pm ionas go mbeidh deis acu páirt a ghlacadh in imeachtaí iar-scoile, ag cur san áireamh nach bhfuil aon bhus níos luaithe tráthnóna ar an tseirbhís sin agus nach mbíonn mórán paisinéirí ar an mbus atá ar an tseirbhís sin tar éis 5.00pm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52287/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is oibríocht shuntasach é Iompar Scoile atá á bainistiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne.

Is é is cuspóir do Scéim Iompair Scoile mo Roinne, ag féachaint d'acmhainní atá ar fáil, tacú le hiompar leanaí a chónaíonn i bhfad ón scoil is gaire dóibh, chuig an scoil agus ón scoil.

Le linn na scoilbhliana 2018/2019 iompraíodh breis is 117,500 leanbh lena n-áirítear breis is 13,000 leanbh ag a bhfuil riachtanais speisialta, i mbreis is 5,000 feithicil go laethúil chuig bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na tíre. Taistealaíodh breis is 100 milliún ciliméadar agus bhí costas breis is €200 milliún air in 2018.

Go ginearálta, cáilíonn leanaí d'iompar scoile má chomhlíonann siad na critéir achair agus má fhreastalaíonn siad ar an scoil is gaire dóibh.

Tá Bus Éireann freagrach as bealaí iompair scoile a phleanáil agus a amchlárú. Déanann Bus Éireann iarracht, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil, ar a chinntiú go bhfuil leibhéal réasúnta seirbhíse iompair scoile ag gach leanbh incháilithe i gcomhthéacs na Scéime go náisiúnta.

Cuirtear suíocháin ar fáil do leanaí a bhíonn ag taisteal faoin scéim iompair scoile ar sheirbhísí iompair scoile tiomnaithe nó ar sheirbhísí ginearálta poiblí sceidealaithe chuig scoileanna agus uathu. Cuireann an socrú seo ar chumas leanaí freastal ar ranganna le linn gnáthuaireanta scoile. Ní ticéad comaitéara ginearálta é ticéad iompair scoile atá bailí ar gach seirbhís rialta iompair phoiblí gach uile thráth agus ní thairgtear é mar sin. I bhfianaise an líon leanaí a iompraítear go náisiúnta, níorbh fhéidir an tsolúbthacht a thairiscint do gach leanbh incháilithe taisteal ar na seirbhísí rialta iompair phoiblí ach amháin de réir na dtéarmaí atá sonraithe ar a dticéid, gan caiteachas breise a thabhú.

Barr
Roinn