Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Craoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 December 2019

Tuesday, 17 December 2019

Ceisteanna (564)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

564. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cé mhéad airgid a cuireadh ar fáil, gach bliain, ón Státchiste, ag tógáil airgead an cheadúnais agus íocaíocht na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí san áireamh, do TG4 agus RTÉ faoi seach ón mbliain 2011 i leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53030/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá dhá chuid sna fáltais ón táille cheadúnais: díolachán díreach a dhéanann An Post agus ranníocaíocht ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí i ndáil leis an scéim um cheadúnas teilifíse saor in aisce.

Sa tábla thíos tugtar iomlán na bhfáltas ó 2011 go 2018 agus íocaíochtaí le RTÉ agus le TG4 ón táille cheadúnais i gcaitheamh na tréimhse sin. Níl figiúirí na táille ceadúnais le haghaidh 2019 ar fáil fós mar go mbeidh díolachán díreach go deireadh na bliana san áireamh. Íoctar an chuid eile de na fáltais a fhaightear ón gceadúnas leis An Post as Seirbhísí Bailithe Táille Ceadúnais agus le hÚdarás Craolacháin na hÉireann as ucht an Ciste Craolacháin a riar, ciste a thacaíonn leis na Scéimeanna um Fhuaim agus Fís agus Cartlannú.

Ba cheart a thabhairt faoi deara gur maoiniú díreach Státchiste atá sa chuid is mó de mhaoiniú TG4, agus go bhfuil sé maoinithe go hiomlán ó fhoinsí Státchiste ó 2019. B’ionann sin agus €36.2m in 2019 agus tiocfaidh ardú €1m air sin go €37.2m in 2020. As sin, is maoiniú reatha é €34.2m agus is maoiniú caipitil é €3m.

Bliain

Iomlán na bhFáltas

Díolachán Díreach An Post

Ranníocaíocht RGFCS

Íocaíochtaí le RTÉ ón táille cheadúnais

Íocaíochtaí le TG4

Táille Cheadúnais

Maoiniú ón Státchiste

2011

€217.8

€160.6

€57.2

€182.4

€9.2

€27.0

2012

€215.0

€157.8

€57.2

€179.2

€9.2

€24.3

2013

€216.4

€159.2

€57.2

€181.5

€9.2

€24.4

2014

€213.3

€161.1

€52.2

€178.8

€9.2

€25.0

2015

€213.9

€161.7

€52.2

€178.5

€9.2

€23.9

2016

€213.6

€161.4

€52.2

€179.3

€9.2

€26.1

2017

€215.1

€161.9

€53.2

€184.8

€4.2

€29.9

2018

€219.3

€164.5

€54.8

€188.6

€4.2

€32.5

Barr
Roinn